IMLÉ

banna ceoil Éireannach

Banna ceoil is ea IMLÉ. Bunaíodh IMLÉ sa bhliain 2015. Sníomhtar filíocht, rapcheol, rac-cheol agus popcheol le chéile i bhfuaim an bhanna ar bhealach úr nach bhfuil a leithéid cloiste in aon áit eile[1], fiú i mBéarla, agus measctha le "hip hop, indie, honky-tonk Chonamara agus corr-dhlaíóg sean-nóis"[2].

Bosca Sonraí EagraíochtaIMLÉ
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: imle_ceol Youtube: UCajNDsRMuMfmwKwyraubKZQ TikTok: funorm Bandcamp: imle Souncloud: imleofficial Spotify: 7wk7hulVAvA1NzbOPaj31m iTunes: 1180083613 Songkick: 9452424 Cuir in eagar ar Wikidata

Cíorann a gcéad albam ceoil cuid de cheisteanna móra an tsaoil: brí na beatha, ár gcaidreamh leis an bpláinéad agus aimsiú an dóchais san éadóchas. D’eisigh IMLÉ a n-albam début ar lipéad Gael Linn, albam a d’eisigh Gael Linn agus a raibh Karl Odlum mar léiritheoir air. Tá an albam le fáil ar www.gael-linn.ie[nasc briste go buan], i siopaí ceoil, ar iTunes agus ar Spotify.

Baill cuir in eagar

Eachtraí cuir in eagar

Sheinn IMLÉ ag an

srl.

Chonacthas IMLÉ ar an teilifís:

  • ar an gclár comórtha TG4 XX
  • ar I Lár an Aonaigh ar BBC2 NI

srl.

Gradaim cuir in eagar

Bhuaigh IMLÉ

  • ‘Amhrán na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2017.[3].

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

  • IMLÉ (2016) - 9 n-amhrán, lena n-áirítear 'Go Deo, Go Deo', 'Críochfort', 'Síos an Bóthar' agus 'Fún Orm'; agus 2 amhrán breise, lena n-áirítear 'Gan Mise Gan Tú'
  • Fáilte Isteach (2022) - 9 n-amhrán, lena n-áirítear 'Fáilte Isteach', 'ÉAD', 'Do Chuid Jeans', 'Hop Scip Léim' agus 'Dúiseann Muid Suas'

Amhráin cuir in eagar

  • Go Deo, Go Deo: Cuireann na liricí (anseo Curtha i gcartlann 2017-11-22 ar an Wayback Machine) an taobh daonna den chogaíocht a chur in iúl. Scéal simplí atá ann: litir ó bhean atá ag scríobh chuig a fear céile atá ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá an bhean ag rá nach bhfuil sí i bhfabhar cogaidh agus gur cheart dó (an fear céile) a bheith sa bhaile leo. Scannánaíodh an físeán i gContae an Dúin. Ba iad Angus Mitchell a stiúir agus an t-amhránaí Gráinne Holland a léirigh. Féach ar 'Go Deo, Go Deo' ar Youtube anseo.
  •  
    Críochfort: Déanann Críochfort plé ar an gcaidreamh casta atá againn mar dhaoine leis an domhan. Tá rudaí diúltacha agus dearfacha ag baint leis, ach sin cuid den tsaoil ina maireann muid. Tá neart faoin saol seo le bheith dóchasach faoi. Fergal Moloney a léirigh, le cóiréagrafaíocht ó Lauren Bamford agus an comharghrúpa 'Hot Zombie': Ann-Marie Brennan, Laurie Keegan, Emma Costello agus Lauren Bamford fhéin. Féach air ar Youtube anseo, agus Vimeo. Ailbhe Ní Riain (Raidió na Life) ag éist leis anseo. Liricí (ancroiait) anseo .

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar