Ina fhoirm nua-aoiseach, gléas ceoil is ea an giotár. Is téaduirlis í, le corp caolaithe adhmaid, cúl leata, muineál le cipíní méire agus 6 shreang (de ghnáth) a bhaintear le méara, ingne nó figín, nó a ghreadtar.[1]

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilGiotár
CineálQ57306162 Aistrigh agus rud fada caol
Aicmiú Hornbostel-Sachs321.322-5-6
Raon seinm

Sampla fuaime

Gairm ealaíontagiotáraí

Bíonn idir cheithre agus dhá théad dhéag air, uaireanta. Nuair a phioctar na téada (léis na méara nó le pleictream), tosaíonn siad ag tonnchrith agus fuaim uathu. Tá dhá shaghas giotár le fáil, go bunúsach - giotár leictreach (agus dordghiotár) agus giotár fuaimiúil.

Tugtar an t-ainm giotáraí ar dhuine a sheinneann an giotár.

Ó thús, bhain an giotár le ceol tíre agus ceo I coitianta, ceol flamenco na Spáinne go háirithe.

Roimh an 18ú céad bhíodh 4 nó 5 shraith sreang (de ghnáth), agus sreang amháin nó níos mó, tiúnta le chéile don airde chéanna, i ngach sraith.

Sa dara cuid den 20ú céad, trí shampla iontach Andrés Segovia, tháinig an giotár le bheith ina ghléas coinséartó is ceadail.

Giotáir leictrigh

cuir in eagar

Tá dhá shaghas giotáir leictrigh ann, ina n-aimplítear an fhuaim le haimplitheoirí is a seinntear trí challairí í: an giotár leathfhuaimniúil, le corp cuasach, agus an ceann is coitianta, le corp soladach nach bhfeidhmíonn mar athshonadóir ach mar ancaire do na sreanga, agus painéal mar a mbíonn na glacairí fuaime is rialaitheoirí na treise is an toin. Ar an ngléas caighdeánach bíonn 6 shreang a bhaintear le méara nó figín. Ar an dordghiotár bíonn 4 shreang, tiúnta ochtach níos lú na an 4 shreang is ísle den ghiotár caighdeánach. Baintear úsáid fhorleathan as an dá shaghas i gceol coitianta na 20/21ú haoise, coitianta sa rac-cheol go háirithe.

Giotár clasaiceach agus acústach

cuir in eagar

Nuair a bhuaileann tú ceann de na téada nó na sreanga ar an ngiotár baineann tú creathadh as agus téann an creathadh sin siar go dtí an poll fuaime. Is í minicíocht an chreathaidh seo a dhéanann an nóta.

Bíonn na téada saora ar ghnáthghiotár sé-théadach tiúnáilte mar seo: E B G D A E. Agus nuair a leagan tú méar ar na frets athraítear an mhinicíocht go crómatach de réir mar a théann tú suas an caol nó an muineál.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Hussey. Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.