Osclóidh seo an príomhroghchlár
Dordghiotár le cúig sreang

Is téaduirlis é an dordghiotár. Tá sé cosúil le giotár, ach tá an gléas agus a chuid téide níos mó, le fuaim níos ísle. Sa phop-cheol agus rac-cheol ó na 1950idí ar aghaidh, is é an dord an leath eile den lucht rithime - ag obair go cóngarach leis na drumaí - a chuireann bunús amhrán le chéile do na ceoltóirí eile.

Is minic atá 4 sreang ar an dord, atá tiúnta i gceathrú cosúil le na chéad ceithre sreang ar an gnáth-ghiotár ach sa chéad ochtach níos ísle. Is iad ainmneacha na sreanga seo E A D agus G. Ach úsáidtear uimhreacha difriúla sreanga ag dordghiotáraí nuair atá réimse níos mó nó fuaim éagsúil ag teastáil.

Stair an DordghiotáirCuir in Eagar

Sa 1950idí, d'úsáidtí an Dord Dúbailte chun droichead a dhéanamh ó na drumaí go dtí na uirlisí eile i mbanna ceoil. Ach bhí fadhbanna leis an uirlis seo. Ar dtús, bhí sé mór. Tá timpeall sé troigh ar an dord dúbailte. Rinne sé seo é deacair é a bogadh ó áit go háit. Freisin, bhí sé deacair a seinm. Gan stiallóga cosúil le giotár, bhí ar an seinnteoir a lán cleachta a dhéanamh chun nótaí a seinm i dtiúin. Freisin, chuir sé strus mór ar lámha lena sreanga tiubh i bhfad ón méarbhord.

Is é an dordghiotár leath den grúpa. Dordghiotáraí a tugtar ar dhuine a sheinneann an uirlis seo. I measc na dordghiotáraithe cáiliúla, tá Paul McCartney ó The Beatles, Sting ó The Police, Phil Lynott ó Thin Lizzy, Adam Clayton ó U2, Flea ó Red Hot Chili Peppers, John Entwistle ó The Who, Lemmy Kilmister ó Motörhead, agus Dee Dee Ramone ó Ramones.