Paul McCartney

ceoltóir agus cumadóir amhrán Sasanach

Is ceoltóir é Sior Paul McCartney (a rugadh ar an 18 Meitheamh 1942 i Learpholl, Sasana, leis an ainm James Paul McCartney). Bhí McCartney ina amhránaí, chumadóir agus dhordghiotáraí sa bhanna rac-cheoil The Beatles ón bhliain 1960 go dtí 1970. Deirtear go bhfuil McCartney ar dhuine de na seinnteoirí doird is fearr riamh, ceannródaí an dhoird-ghiotáir sa rac cheol. Chomh maith leis sin, seinneann sé an pianó agus na drumaí. Le John Lennon agus The Beatles, agus mar cheoltóir ina aonar, scríobh McCartney cuid de na hamhráin pop is cáiliúla riamh.

Infotaula de personaPaul McCartney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) James Paul McCartney
18 Meitheamh 1942
81 bliana d'aois
Ospidéal Walton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleitePercy "Thrills" Thrillington
Paul Ramon
Apollo C. Vermouth Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnDias
Scoil a d'fhreastail sé/síLiverpool Institute High School for Boys (en) Aistrigh
Liverpool Institute for Performing Arts (en) Aistrigh
West Kirby Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, scríbhneoir scripte, aisteoir, léiritheoir scannáin, amhránaí, drumadóir, cumadóir, ealaíontóir taifeadta, dordghiotáraí, amhránaí is scríbhneoir, liriceoir, péintéir, cumadóir scóir scannáin, pianódóir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1957 –
FostóirLiverpool Institute for Performing Arts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraRac-cheol, rac-ealaine, rac sícideileach, popcheol rac, ceol clasaiceach, ceol buille agus rac is roll
Mac/iníon léinn de chuidDonovan
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisDordghiotár, giotár, pianó, maindilín, ucailéile, olldord, fliúit Shasanach, Melodica, dordveidhil, veidhlín, siotár, trumpa, uirlis mhéarchláir agus cnaguirlis
Lipéad ceoilApple
Columbia Records
Parlophone
Capitol Records
Hear Music Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaíontóirí gaolmharaJohn Lennon
Linda McCartney Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
13 Iúil 1985Live Aid Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileLinda McCartney (1969–1998), bás a c(h)éile
Heather Mills (2002–2008), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteStella McCartney
 ( Linda McCartney)
Séamas Mac Cartaine
 ( Linda McCartney)
Mary McCartney
 ( Linda McCartney)
Heather McCartney
 ( Linda McCartney)
Beatrice McCartney
 ( Heather Mills) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJim McCartney  agus Mary McCartney
SiblínMike McGear
Gradam a fuarthas
Síniú


Veu de Paul McCartney (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinpaulmccartney.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0005200 Allocine: 4652 Rottentomatoes: celebrity/paul_mccartney Allmovie: p101966 TCM: 126288 Metacritic: person/paul-mccartney TV.com: people/paul-mccartney IBDB: 12124 AFI: 122130
Facebook: PaulMcCartney Twitter: PaulMcCartney Instagram: paulmccartney Youtube: UCvGnJy9RnXX0kGSnDPKCZzQ TikTok: paulmccartney Souncloud: paulmccartney Spotify: 4STHEaNw4mPZ2tzheohgXB iTunes: 12224 Last fm: Paul+McCartney Musicbrainz: ba550d0e-adac-4864-b88b-407cab5e76af Songkick: 300543 Discogs: 35301 Allmusic: mn0000029884 Deezer: 1446 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí McCartney ar an chéad duine den cheathrar a d'fhág The Beatles sa bhliain 1970, agus thosaigh sé an grúpa nua Wings lena bhean chéile Linda Eastman. Bhain Wings rath nach beag amach chomh maith, le rianta cáiliúla ar nós Live and Let Die, Band On The Run, Jet agus Mull of Kintyre[1].

Tús a shaoil cuir in eagar

 
McCartney beo sa bhliain 2018

Rugadh McCartney i Learpholl sa bhliain 1942. Ba bhanaltra í a mháthair Mary Mohin McCartney (arbh as Contae Mhuineacháin di) agus bhí a athair Jim McCartney ag obair mar cheannaire ar bhanna damhsa. Tá deartháir amháin aige, Michael, atá bliain amháin níos óige ná é. Is ceoltóir é Michael freisin, úsáideann sé an t-ainm Mike McGear). Baisteadh an bheirt mar Chaitlicigh. D’fhoghlaim McCartney go leor faoin cheol óna athair, agus bhain sé triail as an trumpa a fhoghlaim. Rinne sé a dhícheall leis, ach tar éis tamaill thosaigh sé ag éisteacht le ceol skiffle, agus mar sin thosaigh sé ag seinm an ghiotáir. Bhí tragóid sa chlann ar an 31 Deireadh Fómhair, 1956 nuair a cailleadh a mháthair Mary. Ailse cíche ba chúis a báis. Ba dhídean é an ceol dó as seo amach, rud a bheadh i gcoiteann aige le John Lennon ní ba dhéanaí.

The Beatles cuir in eagar

 
McCartney agus George Harrison.

Ag deireadh na 1950idí, bhí McCartney ag scríobh a chuid amhrán féin. Bhí guth maith aige, agus bhí sé in ann an giotár agus an pianó a sheinm. Bhuail sé le John Lennon don chéad uair sa bhliain 1957, nuair a chuaigh sé chun éisteacht le banna Lennon, The Quarrymen. Ar an lá seo, chan McCartney cúpla amhrán nuair a bhí na Quarrymen ag ullmhú. Coicís ina dhiaidh sin, d'iarr Lennon ar McCartney teacht isteach sa bhanna freisin. Le cara McCartney, George Harrison, ar an ghiotár eile, Stuart Sutcliffe ar an dordghiotár agus Pete Best ar na drumaí, d'athraigh siad a n-ainm tar éis tamaill go dtí "The Beatles"..

D'fhás McCartney go tapa mar cheoltóir agus mar chumadóir. Bhí páirtíocht iontach aige le Lennon, agus scríobh siad a lán amhrán le chéile. Shuigh siad le chéile, aghaidh ar aghaidh, agus chruthaigh an bheirt acu amhráin nua. Ar dtús scríobhadh "McCartney-Lennon" mar chumadóir ar a n-amhráin, ach tar éis do Lennon a theacht ar ais tar éis saoire lena mbainisteoir, Brian Epstein, dúradh le McCartney go raibh sé seo le n-iompú droim ar ais: Lennon-McCartney. Bhí Lennon ina cheannaire ar an bhanna ar dtús ach ba ghearr gur thóg McCartney a cheannaireacht, go háirithe tar éis d'Epstein bás a fháil. Ceaptar go dtitfeadh an grúpa óna chéile murach gur stiúir McCartney iad.

Scríobh McCartney an t-amhrán Yesterday, agus ba é an chéad amhrán a bhí déanta ag duine amháin as an bhanna. D'éirigh McCartney lá amháin leis an fhonn ina cheann, ach cheap sé ar feadh tamaill gurb amhrán eile é. Is é Yesterday an t-amhrán is mó a seinneadh ar an raidió riamh. Ba é McCartney a chóirigh agus a chas ar na lúibeanna go léir atá le cloisteáil ar amhrán ar chur Lennon focail leis - "Tomorrow Only Knows", píosa atá fós nua-aimseartha sa lá atá inniu ann. Scríobh McCartney píosaí ceoil do dhaoine eile freisin, agus chum sé an ceol don scannán The Family Way, i 1966.

Nuair a fuair bainisteoir an bhanna Brian Epstein bás sa bhliain 1967, thosaigh Lennon ag cailleadh suime sa bhanna, ach lean McCartney ar aghaidh chomh láidir is a bhí sé riamh. Bhí seisean ar an phríomh-Beatle sa stiúideo, agus an duine an chruthaigh na coincheapa Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band, Magical Mystery Tour, na hamhráin dheireanacha ar Abbey Road agus an scannán agus an t-albam Let It Be. Ba é McCartney a dhear go leor de chlúdaigh a n-albaim freisin. Deirtear gurbh é McCartney a scríobh an chéad amhrán 'Miotal trom' riamh - "Helter Skelter" atá ar an White Album. Cheap McCartney gur seans a bhí in Let It Be don bhanna chun obair le chéile mar a d'oibrigh siad fadó sular stopadar ag tabhairt ceolchoirmeacha, ach níor éirigh go maith leo. Bhí suim caillte ag Lennon sa ghrúpa mar gheall ar a chailín nua Yoko Ono, bhí Ringo traochta don troid ar fad a bhí sa bhanna agus bhí croí Harrison san India. Cheap Harrison freisin go raibh McCartney ag iarraidh é a choinneáil faoi chois sa bhanna agus tharraingíodh sé argóintí go minic le McCartney dá mbeadh moltaí ar bith aige dó.

D’fhág Lennon an banna i bhfómhar 1969, agus d'fhógair McCartney ar 10 Aibreán 1970 go raibh an banna críochnaithe.

Wings cuir in eagar

Tar éis do McCartney dhá albam a eisiúint mar cheoltóir aonair (McCartney agus Ram) rinne sé cinneadh an banna "Wings" a chur le chéile lena bhean Linda Eastman, agus le hamhránaí na Moody Blues, Denny Laine agus ceoltóirí eile.

D'athraigh pearsanra an bhanna seo go minic agus bhí seinnteoir giotáir Éireannach, Henry McCullough mar bhall ar feadh tamaill. Tá a shár-scil giotáir le cloisteáil san amhrán My Love i measc amhráin eile.

Bhain an banna seo cáil ollmhór amach agus bhíodar ar cheann de na bannaí is cáiliúla sna 1970idí, lena n-albaim Band on the Run agus Venus and Mars ag sroicheadh barr na gcairteacha ar fud an domhain. Ba é a n-amhrán Mull of Kintyre an singil ba mhó díol i Sasana ar feadh na mblianta fada go dtí go dtáinig Band Aid ar an fhód.

Faoi dheireadh a réime i 1980 bhí beagnach an méid céanna singil #1 ag McCartney agus Wings ná mar a bhí ag John Lennon, George Harrison agus Ringo Starr curtha le chéile. Cé go raibh cuid dá gceol ar chaighdeán níos ísle na mar a bheifí ag súil leis ó McCartney, d'éirigh leis a theacht amach ó scáth na mBeatles agus a thaispeáint go raibh sé ar a chumas banna fíorcháiliúil a chur le chéile.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eoghan Lyng (2018-12-24). "The Moody Blues’ Denny Laine Still Has Wings" (en-US). Dáta rochtana: 2019-03-14.

Naisc sheachtracha cuir in eagar