Is cathair mhór í Learpholl,Liverpool, in iarthuaisceart Shasana, suite ar abhainn an Mersey. Is port tábhachtach í ar Mhuir Éireann.

Infotaula de geografia políticaLearpholl
Liverpool (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Coat of arms of Liverpool City Council.svg
Liverpool Montage.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
EnglandLiverpool.png
 53°24′27″N 2°59′31″W / 53.4075°N 2.9919°W / 53.4075; -2.9919
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheSasana
Réigiún ShasanaIarthuaisceart Shasana
Contae cathrachMerseyside
Buirg chathrachLearpholl Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 513,441 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 111.84 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Abhainn an Mersey Cuir in eagar ar Wikidata
Airde 70 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 1207 (Ghréagóra)
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtais Joanne Anderson (en) Aistrigh (Bealtaine 10, 2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist L Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 151 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin liverpool.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Tá cáil idirnáisiúnta ar Learpholl mar bhaile dhúchais an bhanna rac-cheol The Beatles, agus dhá fhoireann sacair - Liverpool Football Club agus Everton Football Club. Is í Learpholl a bhí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa i mbliain 2008.

Sa Bhéarla, tugtar scouse ar chanúint Learphoill, agus "scouser" ar dhuine de mhuintir na háite. Timpeall 1,360,000 duine a bhí ina gcónaí i gcomharsanacht na cathrach sa bhliain 2006.

Knowledge Quarter

StairCuir in Eagar

Glactar leis go coitianta gur bunaíodh an chathair ar 28 Lúnasa 1207 nuair a bhronn an rí John cairt ar Learpholl, a thug aitheantas oifigiúil don áit mar bhuirg.[1] Bhunaigh an Rí John an baile mór mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn.

Sráidbhaile beag gan tábhacht ar abhainn an Mersey ab ea Learpholl go dtí 1207. Bhí Chester, atá 20 míle ó dheas ar abhainn an Dee, ar an phort ba thábhachtaí sa réigiún. Ach bhí an Rí John ag iarraidh an Pháil a leathnú amach, agus mar sin bhí port daingean de dhíth air le lónta a chur chuig a fhórsaí in Éirinn. Bhí Milford Haven oscailte d’ionsaithe ó na Breatnaigh, agus bhí deacrachtaí polaitiúla ag baint le Chester. Mar sin, thóg sé Caiseal Learphoill, nach bhfuil ann níos mó ach a bhí suite san áit ina bhfuil Castle Street i lár na cathrach anois.[2]

D’fhás an baile go mall; bhí tráchtáil sheasta le hÉirinn i gceist ar dtús. Cinnte cuireadh saighdiúirí go hÉirinn ón chalafort ach ba bheag tábhacht a bhí leis an chathair go ceann na mblianta fada. Ní raibh ach timpeall 500 duine i Learpholl i lár an 16ú haois.

Timpeall céad go leith bliain ina dhiaidh sin, sna 1600idí, a thosaigh an chathair ag fás, nuair a rinneadh paróiste as Learpholl le hAcht Parlaiminte.

Rinneadh siúcra agus tobac a thrádáil leis na hIndiacha Thiar agus le Virginia. Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689, b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.[1]

Ba í Learpholl an calafort sclábhaíochta ba mhó san Eoraip ón mbliain 1750 go dtí 1807. D'fhás an chathair go mór ar an trádáil triantánach: airm, slabhraí, earraí cadáis á n-easpórtáil chun na hAfraice, sclábhaithe á dtabhairt go Meiriceá Thuaidh agus Láir, agus cadás, tobac agus siúcra á n-iompórtáil ó na coilínigh. D'fhás an trádáil le hÉirinn agus leis na hIndiacha Thiar agus rinneadh brabús mór as an sclábhaíocht.

Bhí an daoirse ar an ghnó ba mhó sa chathair san 18ú haois. I ndiaidh don rialtas cosc a chur uirthi sa bhliain 1807, ba é an cadás an tráchtearra ba bhrabúsaí don chathair sa 19ú haois.

Faoi thús an 19ú haois bhí 40% de thrádáil an domhain ag dul trí Learpholl.[2] Ba le linn an 19ú haois a tógadh foirgnimh mhóra na cathrach.

 
Cathair Learpholl ón Mersey

Lean fás Learphoill sa 20ú haois agus í ag mealladh inimirceach chuici as tíortha na hEorpa, Iodálaigh, Breathnaigh, Albanaigh agus Éireannaigh go háirithe.

Bhí os cionn 850,000 duine sa chathair sa bhliain 1930. Rinneadh an-scrios ar Learpholl le linn an Blitz, ionsaithe buamála na Gearmáine, 80 ar fad, tharla na cinn ba mheasa i mí Bealtaine 1941.

 
Superlambananas, 2010

Tháinig meath ar dhugaí agus ar thionscail thraidisiúnta Learphoill ó na 1970idí i leith. Bhí stailceanna agus círéibeacha sa chathair sna 1980idí agus mhothaigh muintir Learphoill nach raibh cothrom na féinne á fháil acu ón rialtas i Westminister.

Rian na nÉireannachCuir in Eagar

Tá sé íorónta gur bunaíodh an chathair is Gaelaí i Sasana mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn í féin.

Cé go raibh roinnt Éireannach ina gcónaí i Learpholl sa bhliain 1207 agus as sin amach, phlódaigh siad isteach sa chathair tar éis 1844 mar thoradh ar an Ghorta Mhór agus d’fhág siad rian buan ar chultúr, ar dhearcadh agus ar chaint na ndaoine ansin.

Thosaigh na sluaite as Éirinn ag cur fúthu sa chathair le linn blianta ocracha na 1840í agus faoin mbliain 1851, b'as Éirinn don cheathrú cuid den daonra.[1]

Tháinig leabhar amach in 2008 i dtaobh stair na nÉireannach i Learpholl,

Catholic and Scouse: A History of the Irish in Liverpool (Liverpool University Press).[3]

An daoirseCuir in Eagar

Cúis náireIs do Learpholl gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór as an daoirse. Bíonn lá cuimhneacháin ar siúl sa chathair ar an 23 Lúnasa mar chomóradh ar an daoirse. Osclaíodh The International Slavery Museum sa chathair ar an 23 Lúnasa 2007.[1]

CeantairCuir in Eagar

Nithe is díol spéise do thurasóiríCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

Foilsíodh leabhar mór cuimhneacháin sa bhliain 2008 dar teideal

Liverpool 800: Culture, Character and History

agus is é an tOllamh John Belchem, University of Liverpool, eagarthóir an tsaothair.[4]

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Tony Birtill (M.F. 2007). "Taibhse Éireannach sáinnithe go deo i Learpholl" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-28.
  2. 2.0 2.1 "History of Liverpool" (en). www.ljmu.ac.uk. Dáta rochtana: 2022-08-28.
  3. "Irish, Catholic and Scouse" (en). www.liverpooluniversitypress.co.uk. Dáta rochtana: 2022-08-28.
  4. john k. walton (2007-08). "Liverpool 800: culture, character and history – Edited by John Belchem" (as en). The Economic History Review 60 (3): 621–623. doi:10.1111/j.1468-0289.2007.00394_18.x. ISSN 0013-0117.