Is ceantar suite i Learpholl é Walton.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilWalton, Learpholl

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°26′35″N 2°57′18″W / 53.443°N 2.955°W / 53.443; -2.955
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheSasana
Réigiún ShasanaIarthuaisceart Shasana
Contae cathrachMerseyside
Buirg chathrachLearpholl
CathairLearpholl Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Glaochód0151 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois, ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois.

Bhí Walton luaite sa Domesday Book,[1] suirbhé a rinne Uilliam Concaire fiche bliain tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1066. Níl trácht ar bith ar Learpholl sa leabhar sin, mar nach raibh tábhacht ag baint leis ag an am sin.[2]

Thug an Rí Henry II Eastát Walton do Gilbert de Walton, duine de na daoine ab ansa leis, sa 12ú haois. Bhí mac Gilbert, Richard, ina chara mór de chuid mhac Henry II, John (a bhí ina rí ón bhliain 1199). Déagóir ainrianta ab ea John; agus é ocht mbliana déag d’aois, chuir Henry II go Éirinn é le troid in aghaidh na nGael. D’fhág sé sa bhliain 1185 in éineacht le Richard de Walton.

Walton

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Domesday Book" (as en) (2022-08-25). Wikipedia. 
  2. Tony Birtill (M.F. 2007). "Taibhse Éireannach sáinnithe go deo i Learpholl" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-28.