Liverpool Football Club
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Club peile gairmiúil Sasanach is ea Liverpool Football Club (Gaeilge: Club Peile Learphoill) atá lonnaithe i Learpholl, Merseyside agus a imríonn i bPríomhroinn Shasana. Tá an ocht sraith déag buaite acu - an dara líon is mó riamh - maraon le seacht gCorn F.A. agus curiarracht de ocht gCorn Sraithe. Tá níos mó coirn gnóthaithe ag Liverpool san Eoraip ná aon fhoireann eile sa tír - cúig Chorn na hEorpa, trí Chorn UEFA agus trí Shár-Chorn UEFA.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Leasainm | The Reds | ||||
Cineál | club sacair ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1892 | ||||
Bunaitheoir(í) | John Houlding (en) ![]() ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | sacar ![]() | ||||
Sraith spóirt | Premier League | ||||
Ionad baile | Anfield: Anfield, England . 53,394 ![]() ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceannceathrú | |||||
Uachtaránacht | ![]() | ||||
Príomhchóitseálaí | ![]() | ||||
Úinéir | ![]() | ||||
Eile | |||||
Dath | dearg | ||||
Dámhachtain a fuarthas
| |||||
Trealamh spóirt | |||||
| |||||
Trealamh | New Balance (en) ![]() ![]() | ||||
Urraitheoir | Standard Chartered ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | liverpoolfc.com ![]() | ||||
Cuireadh an cumann ar bun sa bhliain 1892 agus glacadh isteach sa Sraith Pheile é an bhliain dár gcionn. Ó bhunú an chumainn i leith, tá a gcluichí baile á imirt in Anfield, cé go bhfuil iarrachtaí ar bun ó 2002 staid nua a thógáil i bPáirc Stanley sa chathair. Bhí ré órga an chumainn sna seachtóidí agus na hochtóidí, agus iad ag buachan gach a bhfuil le fáil sa spórt faoi stiúir Bill Shankly and Bob Paisley, laochra bainisteoireachta Liverpool, a bhailigh aon sraith déag agus seacht gcorn Eorpach.
Tá baint ag lucht leanta an chlub le dhá mhór-thragóid - an Tubaiste Heysel sa bhliain 1985 ina maraíodh 39 de leantóirí na foirne Juventus, agus an Tubaiste Hillsborough sa bhliain 1989 ina gcailleadh 96 leantóir Liverpool.
Na céilí comhraic is mó atá ag Liverpool ná a chomharsana chathrach Everton agus Manchester United, cumann mór le rá eile sa chearn chéanna den tír. Tá feisteas iomlán dearg á chaitheamh acu ar an bpáirc imeartha ó nuair a bhí 1964 ann, athrú ó Bhill Shankly chun na foirne eile imeaglú. Cantar "You'll Never Walk Alone" ag cluichí an chlub, amhrán atá glactha acu mar aintiún dá gcuid féin.
Stair LiverpoolCuir in Eagar
Bhunaigh fear darbh ainm John Houlding Liverpool F.C. sa bhliain 1892. Bhí an t-uasal Houlding mar thiarna talún ar pháirc peile Anfield agus is ann a bhíodh Club Sacair Everton ag imirt a gcluichí baile go dtí sin. Ach tar éis aighneas a bheith ag an uasal Houlding le Club Sacar Everton, d’fhág an club a n-áit thraenála agus chuaigh siad ag imirt trasna an bhóthair i bPáirc Goodison.
Nuair a d’fhág club sacair Everton Anfield, bhunaigh Houlding Liverpool F.C. chun a n-áit a thógáil in Anfield. Is sa staid seo i lár Learphoill atá an club fós lonnaithe agus ag imirt sa Premier League.
Chuir an t-uasal Houlding go leor oibre agus airgid isteach i mbunú an chlub. Tar éis a mbunú, níor thóg sé i bhfad ar an gclub a marc a fhágáil – bhuaigh siad chúig shraith shacair Shasana idir 1900 agus 1947. Ach sa bhliain 1954 cuireadh an club siar go Roinn 2. Ach idir an bheirt bhainisteoirí cáiliúla ón Albain Bill Shankly agus Bob Paisley, á mbainistiú ó 1959 go 1983, chuir siad an club ar ais ar an bhfód.
Ba bhainisteoir inspioráideach é Bill Shankly agus rinne sé cinnte gur tháinig an club ar ais aníos sa bpríomhroinn sa bhliain 1961. Tá clú agus cáil fós ar an meoin agus ar an bhfealsúnacht a bhí ag Shankly. Ina dhiaidh sin agus ó shin amach, bhuaigh siad corn i ndiaidh coirn, ina measc 5 chorn na hEorpa. Tá ocht gcorn déag i sraith shacair Shasana buaite ag an gclub – curiarracht go dtí an lá atá inniu ann agus tá muintir Learphoill an-bhródúil gur ag a gclub baile atá an curiarracht seo.
Ach bhuail dhá thubaiste thragóideach an club sna hochtóidí – tragóid Heysel i mí na Bealtaine 1985 agus tragóid Hillsborough i mí Aibreáin 1989.
Bhí na 1990idí an-chiúin don gclub agus tháinig roinnt athruithe ar an struchtúr agus tháinig bainisteoirí nua isteach. Níor bhuaigh an club ach dhá chorn sna 1990idí – Corn FA Shasana i 1992 agus Corn na Sraithe i 1995.
Ach nuair a thóg an Francach Gerard Houllier ceannasaíocht orthu mar bhainisteoir, tháinig feabhas agus forbairt ar an imirt in athuair agus thug sé spreagadh agus misneach do na himreoirí agus lucht tacaíochta an chlub. Sa mbliain 2001, bhuaigh foireann Houllier chúig chorn agus bhí na “glory days” ar ais in Anfield agus i Learpholl.
Le curiarracht 18 sraith Shasana agus cúig Chorn Sacair na hEorpa buaite ag an gclub, bíonn Liverpool i gcónaí san iomaíocht le haghaidh coirn agus duaiseanna.
Bhí dlúthbhaint ag na Ceiltigh – Éireannaigh, Albanaigh agus imreoirí na Breataine Bige leis an gclub i gcónaí. Tá clú agus cáil ar an seastán atá taobh thiar de cheann de na cúil in Anfield – An Kop – atá ainmnithe i ndiaidh chnoic san Afraic ina raibh [[Dara Cogadh na mBórach] ann i 1914.
Níor bhuaigh Liverpool Sraith Shasana ó séasúr 1989-90 agus síleann lucht tacaíochta an chlub go bhfuil sé in am ag an mbainisteoir agus na himreoirí é seo a chur ina ceart.
I mí na Bealtaine 2005, bhuaigh Liverpool Corn na hEorpa don chúigiú uaire. Ciallaíonn sé seo go gcoinníonn siad an Corn agus tá sé le feiceáil inniu in iarsmalann an chlub.
Tá croí, anam agus spiorad sa gclub seo agus is minic a chloistear mana an chlub You’ll Never Walk Alone á chasadh le creideamh agus dúthracht atá deacair le sárú.
Imreoirí don séasúr 2018/19Cuir in Eagar
|
OnórachaCuir in Eagar
Foinsí: Suíomh oifigiúil Liverpool, www.liverpoolfc.tv Staitisticí ó chluichí de chuid an chlubCuir in Eagar
Tuilleadh eolais Liverpool F.C. - Statistics Pointí SpéisiúlaCuir in Eagar1978:Cuir in Eagar
1981Cuir in Eagar
2005Cuir in Eagar
Foinse eolais:uk.sport.football.clubs.liverpool Imreoirí cáiliúlaCuir in EagarFoinse eolais: Wikipedia Liverpool Football Club (English) BainisteoiríCuir in Eagar
Taispeántas sa Premier LeagueCuir in Eagar
Tá gach trófaí féideartha buaite ag Liverpool FC faoi Klopp, Premier League, Champions League, Corn FA, Corn League agus Community Shield.Is é Jurgen Klopp an bainisteoir is fearr a bhí ag an gclubCuir in Eagar |