Foirm ealaíne is ea an ceol clasaiceach a tháirgtear nó atá fréamhaithe i dtraidisiúin cheol an Iarthair, an ceol liotúirgeach (reiligiúnach) agus an ceol tuata san áireamh.

Montáis de chumadóirí ceoil clasaiceach fireannaigh. Ó chlé go deas:
Ar barr: Antonio Vivaldi, Johann Sebastian Bach, George Frideric Handel, Wolfgang Amadeus Mozart, Ludwig van Beethoven;
Sa lár: Gioachino Rossini, Felix Mendelssohn, Frédéric Chopin, Richard Wagner, Giuseppe Verdi;
tríú as a chéile: Johann Strauss II, Johannes Brahms, Georges Bizet, Pyotr Ilyich Tchaikovsky, Antonin Dvořák;
Ar bun: Edvard Grieg, Edward Elgar, Sergei Rachmaninoff, George Gershwin, Aram Khachaturian

Cé go n-úsáidtear téarma níos cruinne freisin chun tagairt a dhéanamh don tréimhse ó 1750 go dtí 1820 (an tréimhse Chlasaiceach), tá an t-airteagal seo mar gheall ar an réimse leathan ama ó thart ar an 11ú haois go dtí an lá inniu, an tréimhse Chlasaiceach agus tréimhsí éagsúla eile ina mheasc.[1]

Noirm lárnacha noirm an traidisiúin seo, códaíodh iad idir 1550 agus 1900, ar a dtugtar  tréimhse an chleachtaidh-choitianta. Seo a leanas mórthréimhsí ama na healaíne ceoil san Iarthair  :

  • tréimhse an luathcheoil, lena n-áirítear
  • tréimhse an chleachtaidh-choitianta, lena n-áirítear
    • Barócach (1600-1750)
    • Clasaiceach (1750-1820)
    • Rómánsúil  (an ré idir 1804-1910)
  • an 20ú haois (1901-2000) lena n-áirítear
    • an nuacheol (1890-1930) a fhorluíonn ó dheireadh an 19ú haois
    • an impriseanachas (1875-1925) a fhorluíonn chomh maith ó dheireadh an 19ú haois
    • an nuachlasaiceachas (1920-1950), den chuid is mó i dtréimhse an idirchogaidh
    • an turgnamhach (1950–inniu)
    • an t-ard-nua-aoiseachas (1950-1969)
    • comhaimseartha (1945 nó 1975–inniu) nó an t-iar-nua-aoiseachas (sa ré idir 1930–inniu)

Déantar idirdhealú ar ealaín cheoil na hEorpa den chuid is mó ó go leor foirmeacha clasaiceacha neamh-Eorpacha agus ó roinnt  gnéithe cheol pobail trí a córais cliathnodaireachta, atá in úsáid ó thart ar an 16ú haois ar aghaidh.

Úsáideann cumadóirí cliathnodaireacht an Iarthair chun a chur in iúl don taibheoir na tuinairdí (m.sh., séiseanna, dordlínte, cordaí), luas, méadar agus rithimí an ghiota cheoil [2]  [3][4].

Is féidir go mbeadh mar thoradh ar seo ná go mbeadh níos lú ama do chleachtais, a leithéid agus tobchumadóireacht agus ornáidíocht ad libitum, a n-éistear go minic sa cheol ealaín neamh-Eorpacha agus sa cheol pobail, agus stíleanna ar nós snagcheol agus gormacha.

Difríocht eile a bhíonn ann ná cé go nglacann na stíleanna a bhfuil tóir orthu foirm an amhráin (strófach) nó a díorthú den fhoirm seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Classical", The Oxford Concise Dictionary of Music, ed.
  2. Julian Johnson (2002) Who Needs Classical Music?: Cultural Choice and Musical Value: p. 63.
  3. Knud Jeppesen: "Bach's music grows out of an ideally harmonic background, against which the voices develop with a bold independence that is often breath-taking."
  4. Rushton, Julian, Classical Music, (London, 1994), 10