Seánra ceoil is iad na Gormacha a bhfuil bunadh acu i gceol na ndaoine gorma a bhí ag cur fúthu i ndeisceart na Stát Aontaithe Mheiriceá ag deireadh na naoú haoise déag. Is meascán iad na Gormacha d'amhráin oibre, de chantaireacht, de cheol reiligiúnach ar a dtugtar SpirtitualsNegro Spirituals air sa Bhéarla agus de bhailéid scéalacha.[1]

Taj Mahal Blues Trio

I measc na sárealaíontóirí bhí Bessie Smith (1894-1933), Huddie William Ledbetter (Lead Belly, 1888-1949), Big Bill Broonzy (1893-1958) agus Muddy Waters (1915-83).

De ghnáth, bíonn gach véarsa san amhrán simplí, 3 líne, 4 bharra sa líne, agus forchéimniú caighdeánach na gcordaí.[2]

Bhí tionchar mór ag na Gormacha ar an rac-cheol.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "how-to-play-blues-guitar.com". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-08-18. Dáta rochtana: 2011-02-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.