George Harrison

ceoltóir agus cumadóir amhrán Sasanach

Ba cheoltóir as Learpholl, Sasana é George Harrison MBE (25 Feabhra 194329 Samhain 2001). Bhain sé cáil amach mar ghiotáraí sa bhanna rac-cheoil The Beatles i rith na 1960idí, agus mar cheoltóir aonair tar éis 1970. Bhí suim an-mhór ag Harrison i gceol agus gcultúr na hIndia, agus b'eisean a chuir an cultúr seo i láthair na Beatles, agus an suim go forleathan sa domhain thiar.

Infotaula de personaGeorge Harrison

(1974) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Feabhra 1943
12 Arnold Grove, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Samhain 2001
58 bliana d'aois
Los Angeles, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg agus siad inchinne)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas agus an Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síLiverpool Institute High School for Boys (en) Aistrigh
Dovedale Primary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, aisteoir scannáin, cumadóir scóir scannáin, léiritheoir ceirníní, dordghiotáraí, ealaíontóir taifeadta, ceoltóir, il-ionstraimí, aisteoir teilifíse, file, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir amhrán, amhránaí, dírbheathaisnéisí, aisteoir, léiritheoir scannáin, gairneoir, cumadóir, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1958 –  2001
Ball de
SeánraRac-cheol, rac sícideileach, popcheol, ceol domhanda, raga rock (en) Aistrigh, ceol buille agus rac-cheol tíre
Faoi thionchar
Ainm cleiteCarl Harrison
George O’Hara-Smith
L'Angelo Misterioso
Jorge Arias
George Harryson
Nelson Wilbury
Spike Wilbury
Hari Georgeson
Magpie Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
UirlisGiotár, veidhlín, dordghiotár, siotár, ucailéile, pianó, ceol gutha, uirlis mhéarchláir agus sintéiseoir
Lipéad ceoilApple
EMI
Parlophone
Dark Horse Records
Capitol Records
Vee-Jay Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéilePattie Boyd (1966–1977), colscaradh
Olivia Harrison (1978–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDhani Harrison
 ( Olivia Harrison) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHarold Hargreaves Harrison  agus Louise Anne Harrison
SiblínLouise Harrison
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú

Suíomh gréasáingeorgeharrison.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0365600 Allocine: 4653 Rottentomatoes: celebrity/george_harrison Allmovie: p93559 TCM: 81923 Metacritic: person/george-harrison TV.com: people/george-harrison IBDB: 11826 AFI: 58733
Facebook: georgeharrison Twitter: GeorgeHarrison Instagram: georgeharrisonofficial Youtube: UCruKOlQdeAU0svDj0Bz54-A Souncloud: georgeharrison Spotify: 7FIoB5PHdrMZVC3q2HE5MS iTunes: 255233 Last fm: George+Harrison Musicbrainz: 42a8f507-8412-4611-854f-926571049fa0 Songkick: 166657 Discogs: 243955 Allmusic: mn0000209142 Find a Grave: 6010942 Deezer: 1129 Cuir in eagar ar Wikidata
Harrison in India, 1968
An t-albam Dark Horse. 1974
ag casadh Hare Krishna in Vrindavan, India, 1996

Bhí trialacha ar siúl i Learpholl ag John Lennon sa bhliain 1957 lena ghrúpa The Quarrymen. Taobh istigh de bhliain bhí beirt cheoltóirí eile i ndiaidh teacht isteach sa bhanna - George Harrison ar ghiotar san áireamh.[1]

Faoi shamhradh na bliana 1960, fuair na Beatles post leanúnach i gClub in Hamburg na Gearmáine.  Cuireadh deireadh leis an chéad turas chun na Gearmáine nuair a cuireadh Harrison as an tír as bheith faoi aois (17 ag an am).

Sheinn Harrison príomhghiotár sa bhanna, ach b'iad John Lennon agus Paul McCartney na príomhchumadóirí. Bhí Harrison fíor-lag ar an ngiotár ar dtús agus ba mhinic a bhíodh ar McCartney é a stiúradh. D'fheabhsaigh sé thar na blianta agus thosaigh moltaí leanúnach McCartney ag cur fíor-chantal air.

I rith na mblianta thosaigh sé ag scríobh sár-amhráin, mar shampla Taxman ar a chas McCartney príomhghiotár, While My Guitar Gently Weeps ar a chas Eric Clapton príomhghiotár, Here Comes the Sun agus Something. Bhain Harrison cuid bheag de liricí James Taylor ina mhóramhrán, Something. Nuair a a d'fhiafraigh de Paul McCartney bunús a chinnidh a mhíniú, is nós leis a fhreagra a choimeád simplí: ‘Mheasas go raibh sé ar fheabhas’.[2]

Taobh amuigh den cheol, bhunaigh Harrison Handmade Films i 1979, agus chuir sé amach na scannáin cáiliúla Monty Python’s The Life of Brian, Time Bandits, Withnail and I, agus Mona Lisa.

Ar an 30 Nollaig 1999 sáthadh George Harrison sa chliabhrach ina theach. Friar Park, in Oxfordshire.

Bhí Harrison trom ar an tobac.[3] Tháinig ailse scamhóige air agus fuair Harrison bás i Los Angeles i 2001. Scaipeadh luaithreach Harrison i mBenares, India tamaill ina dhiaidh.[4]

Oidhreacht

cuir in eagar

I 1994 bhí Paul McCartney, Ringo Starr agus George Harrison ag caint faoi thionscnamh díolaime ach bhraitheadar uathu John Lennon, a dúnmharaíodh breis agus deich mbliana roimhe sin. Chuir Ringo agus McCartney ábhar ceoil leis agus baineadh úsáid as ceol Harrison ó 1995. Ach d’imigh an ghaoth as na seolta go hiomlán nuair a cailleadh Harrison in 2001.[5][6]

Le linn athmheascadh an albaim don cheiliúradh 50 bliain, thug Paul McCartney suntas do ‘Within You Without You’, port George Harrison ar an album. ‘Paul closed his eyes, listened and said, ‘Hey, George was really good!’’ a dúirt Giles Martin.[7]

Bunaíodh an Liverpool Institute of Performing Arts i 1996 san fhoirgneamh ina mbíodh a mheánscoil, The Liverpool Institute - scoil a d’fhreastail Harrison ann fosta.[8]

Ba é Ravi Shankar agus George Harrison a léirigh an t-albam Sacred Chants of India, albam a bhfuil fuinneamh neamhchoitianta ann.[9]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. cogg.ie. "The Beatles". Dáta rochtana: 2024.
  2. Kevin Hickey (6 Meitheamh 2017). "Fuirseadh, fadhbáil, fonn agus fiach le James Taylor" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  3. "Ex-Beatle blamed smoking for his cancer". Mail Online. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  4. "An Swami a bhí 300 bliain d’aois nuair a cailleadh é" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-09-14). Dáta rochtana: 2024-11-29.
  5. Breandán M Mac Gearailt (8 Samhain 2023). "Scéal amhrán deiridh The Beatles inste go snasta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  6. "Amhrán nua ó na Beatles an tseachtain seo chugainn" (en-GB) (2023-10-27). Dáta rochtana: 2024-11-29.
  7. "Sgt Pepper’s@50: Tharla sé 50 bliain ó shin is an lá inniu…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-06-01). Dáta rochtana: 2024-11-29.
  8. Tony Birtill (Eanáir 2012). "Mac Mhary Mohin" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  9. Gabriel Rosenstock. "'Bain na slabhrai seo de mo chroi . . .'" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-29.
  10. "George Harrison: Living in the Material World" (as en) (2024-11-25). Wikipedia.