Chuck Berry

amhránaí agus giotáraí Meiriceánach (1926–2017)

Ba cheoltóir Meiriceánach é Charles Edward Anderson "Chuck" Berry (18 Deireadh Fómhair, 1926 – 18 Márta 2017). Giotáraí, amhránaí agus cumadóir a bhí ann, agus ceannródaí an rac-cheoil. Rugadh Berry i St. Louis, Mhissouri.

Infotaula de personaChuck Berry

(2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Chuck Berry
(en) Charles Edward Berry Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Edward Anderson Berry Cuir in eagar ar Wikidata
18 Deireadh Fómhair 1926
St. Louis, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Márta 2017
90 bliana d'aois
St. Charles, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síSumner High School and auditorium (en) Aistrigh
Ardscoil Sumner Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheThe Ville (en) Aistrigh
Chuck Berry House (en) Aistrigh
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreRac is roll
Suíomh oibre Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgiotáraí, cumadóir, bialannaí, amhránaí, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1953 –  2017
Ball de
SeánraRac-cheol, na gormacha agus rac is roll
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár, Gibson ES-335 (en) Aistrigh, Fender Telecaster (en) Aistrigh, Fender Stratocaster (en) Aistrigh agus ceol gutha
Lipéad ceoilChess Records
Atco Records
Mercury Records
Dualtone Records (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
CéileThemetta Suggs (1948–2017), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIngrid Berry Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh ineamh-chomhlíonadh cánach (1979) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinchuckberry.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001946 Allocine: 35118 Allmovie: p81665 TCM: 15173 TV.com: people/chuck-berry IBDB: 84042
Facebook: ChuckBerry Instagram: _chuckberry Youtube: UCk0YBqtXKF9p-nfyjVoW9Cg Spotify: 293zczrfYafIItmnmM3coR iTunes: 343170 Last fm: Chuck+Berry Musicbrainz: 592a3b6d-c42b-4567-99c9-ecf63bd66499 Songkick: 537268 Discogs: 180119 Allmusic: mn0000120521 Find a Grave: 177489307 Deezer: 2833 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharraing Chuck Berry blues, ceol tíre, soul agus rac-cheol le chéile chun a fhuaim féin a chruthú ach is mar cheoltóir agus cumadóir rac a thoill sé ardmheas. Bhí sé ar na chéad daoine a insealbhaíodh sa Rock and Roll Hall of Fame nuair a osclaíodh é sa bhliain 1986.[1]

Chuck Berry circa 1958.jpg
Chuck Berry, You can't catch me, 1956.

Rugadh Chuck Berry i gcathair St. Louis i 1926, an tríú duine de sheisear clainne. Tógadh é i gceantar sa chathair darbh ainm the Ville, ceann den bheagán cheantar sin ina bhféadfadh daoine gorma tithe a cheannach.

 
Chuck Berry, 1972

Deagánach ab ea a athair in eaglais Bhaisteach sa cheantar, agus múinteoir ab ea a mháthair.

Bhí suim ag Berry sa cheol óna óige ar aghaidh, agus sheinn go poiblí den chéad uair agus é sa mheánscoil fós. I 1944, ghoid Berry, agus cúpla cara, carr agus thiomáin siad go dtí Kansas City. Mar phionós, fuair Berry deich mbliana i scoil ceartúcháin, ach tháinig sé amach tar éis trí bliana.

Thosaigh Berry ag seinm na 'ngormacha' agus é ina dhéagóir, agus sa bhliain 1953 thosaigh sé ag seinm le Sir John's Trio, banna beag i Saint Louis. I 1955, chuaigh Berry go Chicago, agus bhuail sé leis an gceoltóir Muddy Waters. Mhol Waters dul ag caint le Chess Records. Shínigh Berry conradh ceoil leo, agus sheol sé amach a chéad singil, darbh ainm Maybellene, i mí Meán Fómhair. Shroich an t-amhrán uimhir a cúig i gcairteanna Mheiriceá.

Bhí rath ar Berry arís i Meitheamh 1956 leis an amhrán Roll Over Beethoven.

Chaith Berry tamall de bhlianta ar an mbóthar agus ag taisteal ar fud an domhain, i gcuideachta a mhacasamhail Jerry Lee Lewis agus Little Richard agus laochra eile na haoise.[1]

 
Chuck Berry, Deauville (France), 1987.

I 1957, chuaigh Berry amach ar thuras leis na Everly Brothers, Buddy Holly agus cuid de na rac-cheoltóirí nua eile.

 
The Complete Studio Recordings

Bhí Berry i dtrioblóid arís i mí Nollag 1959, nuair a thug sé post do chailín óg i Berry's Club Bandstand, an club oíche a bhíodh aige i St. Louis. Ní raibh an cailín ach ceithre bliana déag d'aois, agus cuireadh Berry agus an cailín i bpríosún. D'fhan Berry faoi ghlas ar feadh cúig bliana.

Nuair a tháinig sé amach i 1963, bhí a cheol i bhfaisean arís, mar bhí bannaí ar nós The Beatles agus The Rolling Stones ag seinm a chuid amhrán fós.

 
Chuck Berry, Virgin Fest, 2008

D'oscail Berry bialann nua i Missouri darbh ainm The Southern Air, agus eastát nua darbh ainm Berry Park. D'eagraigh sé ceolchoirmeacha éagsúla san ionad ar feadh na mblianta.

Lean Berry ag ceol go dtí 2017, i Meiriceá agus thar lear.

Duaiseanna agus meas

cuir in eagar

Is iomaí moladh a fuair sé agus is iomaí duais a bronnadh air le linn a shaoil. Bhronn an Uachtarán SAM Bill Clinton duais Kennedy Centre Honors Award air ag tús an chéid mar gheall ar an méid a bhain sé amach. Dar leis, ba dhuine de cheoltóirí móra na linne é Berry.

Ceannródaí rac-cheoil ab ea Berry, agus bhí an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil sin. Tá iomrá ar leith ar Berry as a scileanna cumadóireachta agus as an gcaoi a mbaineann sé úsáid as greann chun scéal a insint ina gcuid liricí.[1]

 
2012

Ba laoch é Berry mar ghiotáraí, agus deir a lán giotáraithe éagsúla go raibh tionchar mór ag Berry orthu.[2]

Tacaithe móra ab ea Keith Richards as The Rolling Stones agus John Lennon as The Beatles.

Is dócha go raibh tionchar díreach ag Berry ar Elvis Presley freisin, agus úsáideann Angus Young as AC/DC "siúl-lacha" cáiliúil Berry fós.

Tá an díospóireacht ar siúl i gcónaí faoin gcéad cheirnín rac-cheoil a rinne sé, ach tugtar an chraobh de ghnáth do "Maybellene", a rinne Berry i 1955.

  1. 1.0 1.1 1.2 Tara Ní Mhurchú (12ú Meitheamh 2013). "Chuck Berry – Golden Hits 1967" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  2. Campbell, M. (ed.) (2008). Popular Music in America: And the Beat Goes On. 3rd ed. Cengage Learning. pp. 168–169.