IMRAM

Féile litríochta Gaeilge


Féile litríochta Gaeilge is ea IMRAM (Iomramh na sean-Ghaeilge.) Is i mBaile Átha Cliath a bhíonn sí go príomha. Bunaíodh IMRAM sa bhliain 2004. An aidhm atá ag IMRAM ná litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú. Tacaíonn an fhéile le scríbhneoirí agus le léiriú a gcuid saothar, chomh maith le díospóireachtaí a spreagadh a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra. Bíonn tionscadail cheoil acu freisin, tionscadail ina n-aistrítear amhráin de chuid ceoltóirí cáiliúla go Gaeilge, léamha ar aistriúcháin agus ócáidí filíochta, i measc go leor rudaí eile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIMRAM
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Liam Carson Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinimram.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Le scór bliain anuas tá IMRAM aitheanta ar cheann de phríomhfhéilte litríochta na Gaeilge. Dírítear ar imeachtaí téamúla ilmheánacha a chruthú a bhíonn lán de shamhlaíocht; léamha, díospóireachtaí agus agallaimh le scríbhneoirí; mórimeachtaí filíochta le tionlacan ceoil; agus imeachtaí do pháistí. Tá spéis ag an bhféile naisc a dhéanamh le pobail Ghaeltachta agus pobail na tuaithe; le pobail atá nuathagtha chuig Éirinn; le pobail imeallaithe ar nós an Lucht siúil; pobail i gceantar uirbeacha a bhfuil faillí déanta iontu; pobail i dtíortha eile a bhfuil teanga neamhfhorleathan iontu; agus pobail liteartha agus chultúrtha san Eoraip, i Meiriceá agus níos faide i gcéin.

Is é Liam Carson stiúrthóir IMRAM.

Tagairtí cuir in eagar