Ríona Sally Hartman
Is amhránaí agus cumadóir amhrán Éireannach í Ríona Sally Hartman. Luaitear í mar réalta snagcheoil.[1] Tá cáil ar an gcomhcheol bláfar a bhíonn ina cuid saothar snoite, as míne acústach a cuid amhrán, agus as na scéalta aduaine a bhíonn taobh thiar díobh.[2][3]
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | amhránaí, cumadóir amhrán, file |
Seánra | Snagcheol, popcheol agus ceol tíre |
Uirlis | Ceol gutha |
Suíomh gréasáin | rionasallyhartman.com |
Tá stíleanna éagsúla le braith ina cuid ceoil, snagcheoil, ceol tíre, agus popcheol ina measc. Is geall le gearrscéalta osréalacha iad a cuid amhrán. Déanann sí tagairt do Frida Kahlo. Cuireadh a cuid amhránaíochta féin i gcomparáid le leithéidí Theo Bleckmann agus Becca Stevens.[3] Ní thógann sí féin ceann de sheánraí mórán, ach ó thaobh an cheoil de deir sí go bhfuil sí faoi anáil chumadóirí a sníomhann nósanna nua na cumadóireachta isteach sa phopcheol, amhail Becca Stevens, Julie Feeney agus Bjork.[4]
I measc na dtograí ceoil atá Hartman i ndiaidh páirt a ghlacadh iontu tá an EP An Bóthar le Mark Ó Loinsigh (2016) mar atá ceol curtha le dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin,[1] IMLÉ (ó 2017 i leith, go háirithe ar an albam Fáilte Isteach),[5][6] agus chuaigh sí ar stáitse Whelan's in éineacht le hInni-K agus SELK mar BAN BAM.[7][2] Deir sí go bhfuil a croí istigh sa Ríona Sally Hartman Band, mar a bhíonn ceoltóirí den scoth ag obair as lámha a chéile léi. Is leothu a thaifid sí an t-albam Big Starving Thing agus an EP Sealegs.[8]
Fógraíodh in 2018 go mbeadh Hartman ar an gcéad Cheoltóir Chónaitheach riamh le Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath, ról a bhí cumadóireacht, cur i láthair, agus ceardlanna i gceist leis.[9]
Ghlac Hartman páirt sa chlár raidió An Seisiún de chuid RnaG (2018), a "thugann dúshlán ceoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil".[10] In 2020 d'eisigh sí Siúl Amach Léi in éineacht le hAindrias De Staic, Colm Ó Snodaigh agus Rónán Ó Snodaigh, chomh maith le Gach Rath, agus Abair Liom. D'eisigh sí an t-amhrán Fód in 2021.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil
- Big Starving Thing: Dlúthdhiosca Curtha i gcartlann 2024-05-29 ar an Wayback Machine, Apple, amhráin áirithe ar Soundcloud
- Sealegs: Bandcamp
- An Bóthar: Bandcamp, Soundcloud, liricí
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "'An Bóthar' go Seán Ó Ríordáin". NÓS (17 Márta 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Feabhra 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ 2.0 2.1 darren (23 Nollaig 2016). "BAN BAM ft. Inni-K, Ríona Sally Hartman & SELK". Whelan's. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ 3.0 3.1 Cormac Larkin (29 Bealtaine 2015). "Ríona Sally Hartman: Big Starving Thing | Album Review". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ Ríona Sally Hartman. "FAQ". Ríona Sally Hartman. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin (09 Samhain 2017). "6+ Imeacht Ghaelacha". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 09 Meitheamh 2023. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ Meadhbh Ní Eadhra (14 Meitheamh 2022). "‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin (09 Feabhra 2017). "6 Imeacht Ghaelacha". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 02 Nollaig 2023. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
- ↑ "Projects". Ríona Sally Hartman. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
- ↑ "Ríona Sally Hartman Confirmed As Dublin City Council Musician In Residence". Hotpress (11 Meitheamh 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2024.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (09 Márta 2018). "FUAIM: Thug RnaG 12 uair an chloig do scoth na gceoltóirí trí amhrán Gaeilge a chumadh…". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |