Rónán Ó Snodaigh
Is ceoltóir, amhránaí agus file é Rónán Ó Snodaigh as Baile Átha Cliath (a rugadh ar an 1 Eanáir 1970). Is é Ó Snodaigh príomhamhránaí an bhanna ceoil Kíla.
![]() (2015) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Eanáir 1970 55 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol, amhránaíocht agus filíocht |
Gairm | amhránaí, file, cumadóir amhrán ![]() |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha agus bodhrán |
Teaghlach | |
Athair | Pádraig Ó Snodaigh |
Siblín | Aengus Ó Snodaigh, Colm Ó Snodaigh agus Rossa Ó Snodaigh |
![]() ![]() ![]() ![]() |

Gairm
cuir in eagarIs mac é leis an bhfile agus dealbhóir Clíodna Cussen agus leis an bhfoilsitheoir agus scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh.
Seinneann Ó Snodaigh an bodhrán, an djembe, an conga, an bongó agus an giotár agus a lán uirlisí ceoil eile. Baineann sé úsáid rialta as rím, athrá, imeartas focal agus liostáil ina chuid amhrán. Go leor amhrán leis tá eilimintí den cheol dúchais Éireannach iontu measctha le nithe ó thraidisiúin eile, ina measc rapáil, ceol dúchasach na hAfraice agus eile. Deirtear go bhfuil stíl amhránaíochta an hip hap le sonrú ar a ghlór agus go bhféadfaí a rá gur albam é Sos atá faoi thionchar an rap agus an cheoil traidisiúnta in éineacht.[1]
D'eisigh Rónán cúpla albam dá chuid féin, mar shampla 'Last mile home', ‘Playdays, ‘Tonnta Ró’ agus 'Tip Toe'.
Tá trí leabhar filíochta foilsithe aige 'The Gaden Wars', 'Songs' agus 'Luascadán' an leabhar amhránaíochta le comhlacht foilsitheoireacht a athar, Coiscéim.
Albaim
cuir in eagar- Tip Toe (2001)
- Tonnta Ró (2004)
- The Playdays (2005)
- The Last Mile Home (2007)
- Water of a Ducks Back (2010)
- Sos (2013)
- Ór agus Airgead (2017)
- Tá Go Maith (2021)
- The Beautiful Road (2023) -
Tonnta Ró
cuir in eagar- Tine Lasta
- Bord Faoi Bhláth
- Seo Mo Leaba
- Dídean
- Ná Déan Dearúd
- Ciúin
- Dúisigí
- Do Ghrá
- Neart
- Ó Lá Go Lá
- Bhí Mé Ann
- Ón Taobh Tuathail
Playdays
cuir in eagar- Intro
- Hows About That Then
- Ladyshapes
- Lover
- Simmerin Down
- Don't Be A Stranger
- No Foolin You (About That Time)
- Get Set Go
- Dear Diary
- Dee Doo Do
- I Like It With You
- The Dream I Haven't Showed Her
Tip Toe
cuir in eagar- When You're in Rome
- Quieter Moments
- Sing to Me
- My Reflection
- The Boer Waltz
- Anybody Like You
- Only Love
- Maybe Baby
- Fisherman
- Thank You Daylight
- Little Fishing Boat
- Tip Toe
Eile
cuir in eagarChuaigh Ó Snodaigh i mbun comhoibrithe le hAmano agus Kalabanx agus iad ag cruthú a nEP THREAD, a eisíodh in 2024.[2] Tá sé le cloisteáil ar an rian a thug a ainm don EP.
Ceangail sheachtracha
cuir in eagar- MYSPACE as Béarla, leagan as 2008
- Review SOS (2013) ar goldenplec.com [1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Rónán Ó Snodaigh - SOS | Review | Album Review" (en). GoldenPlec. Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ "Amano" (en). amanoanseo.com. Dáta rochtana: 2024-08-12.