Reigé
Is éard atá i gceist le reigé[1] (nó reggae[2]) ná saghas ceoil choitianta de bhunús Rastafárach na hIamáice, ach faoi anáil na dtraidisiún Afrai-Mheiriceánach is an rac-cheoil. Éiríonn cuid mhaith de na hamhráin reigé as réabadh sóisialta. Leis an amhránaí a thionlacan, bíonn giotáir leictreacha, pianó, orgán leictreach is leagan drumaí. Amhránaithe cáiliúla reigé ab ea Bob Marley is na Wailers.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““reggae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-15.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “reggae — Aistriúchán Gaeilge ar reggae (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Reigé". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 555.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |