Is éard atá i gceist leis an ghluaiseacht Rastafárach, nó Rasta, ná ghluaiseacht spioradálta a tháinig ar an bhfód in Iamáice le linn na 1930idí. Creideann an chuid is mó den lucht leanúna - ar a dtugtar RastaíRastafáraithe - gurb é Haile Selassie I, Impire na Aetóipe idir 1930 agus 1974, Dia ionchollaithe, an Dara hAidbhint nó athionchollú Íosa. Síolraíonn ainm na gluaiseachta ó Ras Tafari, is é sin "Diúc Tafari (ainm breithe Haile Selassie)".

Rastafárai, agus gruaig shúgánach á chaitheamh aige

Dearbhaíonn na Rastafáraithe gur ionchollú eile é Haile Selassie I de Dia na Críostaíochta, ar a dtugtar Jah. Tógann siad seasamh láidir i gcoinne "na Bablóine", mar a thugann siad ar an domhan thiar, agus baintear feidhm spioradálta as caitheamh cannabais. Fógraítear an Afraic (Síón) mar áit bhreithe an chine dhaonna, agus tá aisdúichiú don ilchríoch siúd mar lár-théama acu.

Ní reiligiún eagraithe atá i gceist, ach gluaiseacht agus idé-eolaíocht. Sa lá atá inniu ann, tá aithne ar an ghluaiseacht ar fud an domhain, buíochas le ceoltóirí reggae ar nós Bob Marley.