Rob Mulhern
Is ceoltóir, léiritheoir agus poiblitheoir ceoil é Rob Mulhern nó Roibeárd Ó Maoilchiaráin.[1]
Gníomhaíocht | |
---|---|
Réimse oibre | Ceol agus amhránaíocht |
Gairm | leiritheóir, cumadóir amhrán, ceoltóir, poiblitheoir, amhránaí |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Uirlis | Ceol gutha, dordghiotár agus sintéiseoir |
Ba é Rob Mulhern príomhamhránaí an bhanna rac sícideileach Tuath agus scríbhneoir a gcuid amhrán.[2] Tá sé ina innealtóir taifeadta agus ina sheinnteoir dhordghiotáir leis an mbanna Lunch Machine freisin.[3]
Le blianta beaga anuas, bíonn Mulhern i mbun comhoibriú leis an rapálaí Súil Amháin. Is é Mulhern a léirigh an chnuastéip Shammen, ar chrú traic faoi leith as, An Murda Meaisín, Gradam NÓS don bheirt in 2024 sa rannóg "Amhrán na Bliana". "Tiúin réabhlóideach den chéad scoth [atá inti seo], a dhéanann tagairt do Frantz Fanon agus Chuck D".[4] Maidir le Shammen, dúradh san iris stíl mhaireachtála NÓS go bhfuil Ó Súilleabháin agus Mulhern araon "i mbarr a réime [...] Chomh fada agus a bhaineann sé le ceol úr i nGaeilge, ní dóigh liom féin go bhfuil bualadh amach ar a bhfuil á eisiúint acu siúd i dteannta a chéile."[5]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Súil Amháin ⁊ Rob Mulhern. "sceartáin!". Bandcamp. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 28 Aibreán 2024.
- ↑ Mike McGrath-Bryan (27 Eanáir 2020). "Tuath channels the spirit of John Carpenter for “doomer metal” single ‘Pay Your Taxes’". Nialler9. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 07 Lúnasa 2020. Dáta rochtana: 22 Aibreán 2024.
- ↑ Nialler9 (29 Bealtaine 2023). "Kerry rapper Súil Amháin drops mixtape dedicated to Shammen Delly". Nialler9. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 22 Aibreán 2024.
- ↑ "Oíche spreagúil speisialta ag Gradaim Nós 2024.". YEO Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 22 Aibreán 2024.
- ↑ Seaghan Mac an tSionnaigh (13 Feabhra 2024). "Is mó ná súil amháin a bhí ar Shéamas Barra Ó Súilleabháin oíche Ghradaim NÓS". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 22 Aibreán 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |