Seaghan Mac an tSionnaigh

Is aistritheoir, ceoltóir, scríbhneoir, agus gníomhaí teanga Éireannach é Seaghan Mac an tSionnaigh. As Deisceart Chill Chainnigh é ó dhúchas.

Is aistritheoir, ceoltóir, scríbhneoir, agus gníomhaí teanga Éireannach é Seaghan Mac an tSionnaigh.[1]

Infotaula de personaSeaghan Mac an tSionnaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire gan Smál - an Ghaeilge (2014–2017)
Coláiste Mhuire gan Smál - an Ghaeilge (2009–2011)
Coláiste Mhuire gan Smál - Baitsiléir Ealaíon (2005–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Ghaeilge, an Fhraincis agus Gaeilge na hAlban

Twitter: SeaghanSionnach Youtube: UCObZyhpuSTzBqbDAOU2AX3w Cuir in eagar ar Wikidata

As Deisceart Chill Chainnigh é ó dhúchas, ach tá sealanna cónaí caite aige i Luimneach, i mBaile Átha Cliath, i gCorca Dhuibhne agus i mBéal Feirste. Lasmuigh d'Éirinn, tá cónaí déanta aige i gCeanada[2], sna Stáit Aontaithe[3] agus sa tSualainn[4], tíortha ar bhog sé chucu d'fhonn Gaeilge a mhúineadh in institiúidí ollscoile iontu.

Sa bhliain 2020 d'fhág sé a phost mar léachtóir sinsearach le teangacha Ceilteacha in Ollscoil Uppsala agus tá cónaí anois air sa Bhruiséil mar a n-oibríonn sé don Choimisiún Eorpach.

Saothar cuir in eagar

Bhain Seaghan amach céim dochtúra ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, sa bhliain 2017 i ngeall ar thráchtas Ph.D. a scríobh sé faoi sheanchaí ó Chorca Dhuibhne darbh ainm Seán Mac Criomhthain[5]. Tá míreanna éagsúla le Seaghan foilsithe in Comhar[6], Mionlach[7], Feasta[8], Nós[9], tuairisc.ie[10], Meon Eile[11], san Irish Times[12] agus sa Dublin Review of Books[13]. Le gnéithe éagsúla de chultúr na Gaeilge a bhíonn sé ag plé agus tá a chuid saothar acadúil foilsithe in irisleabhair phiarmheasta idirnáisiúnta, as Béarla, as Gaeilge, agus as Fraincis[14][15][16][17].

Tá dhá leabhar curtha amach aige mar gheall ar an bhfoclóirí Luimníoch T. O'Neill Lane; ceann as Gaeilge, le Coiscéim[18], agus ceann as Béarla, ar fhéinfhoilsigh sé é[19].

Rinne sé comhdháil Meanmanra a bhunú i bpáirt lena chara, Oisín Uíbh Eachach, agus sprioc acu téarmaíocht na Gaeilge a aclú don phlé fealsúnach. Dhá chnuasach aistí faoi eagarthóireacht na beirte a tháinig ar an saol de thoradh na comhdhála seo[20].

Mar le tograí cruthaitheacha de, tá roinnt dá chuid filíochta curtha i gcló in Poetry Ireland Review.

Ainmníodh aistriúchán dá chuid, An Triúr Triallach: An Congó arna fhoilsiú ag Dalen Éireann ar ghearrliosta aistriúchán Ghradam de Bhaldraithe ag duaiseanna liteartha an Oireachtais.

Na meáin cuir in eagar

Tá baint ag Seaghan le ceol úrnua as Gaeilge a chur chun cinn, agus bíonn a iarrachtaí féin sa réimse seo á gcur ar fáil aige ar a chaineál YouTube[21]. Bíonn sé i mbun comhoibriú le healaíontóirí eile chomh maith, faoi mar a fheictear sa chaimeo a bhí aige san fhíseán a ghabhann le dán de chuid Chiara Ní É dar teideal 'Dán Crá'[22], físeán dár chum sé an ceol olldoird a chloistear ann.

Ní hannamh Seaghan i mbun caint phoiblí a thabhairt ach an oiread[23][24] agus bíonn sé le cloisteáil mar aoi ar chláracha sna meáin Ghaeilge go minic.

Tagairtí cuir in eagar

  1. linkedin.com (2022). "Seaghan Mac an tSionnaigh". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Seaghan Mac an tSionnaigh" (en-US). Ireland Canada University Foundation (2012-12-03). Dáta rochtana: 2020-10-26.
  3. "Seaghan Mac an tSionnaigh" (en-US). Fulbright. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  4. Uppsala Celtic Students (2020). "@SwedishIrishSoc issued a commemorative journal". Dáta rochtana: 2022.
  5. "Seaghan Mac an tSionnaigh | European Commission - Academia.edu". euopa.academia.edu. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  6. Comhar.ie. "Seaghan Mac an tSionnaigh" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2022-1-11.
  7. "March 29, 2020 – Misneach" (en-US). Dáta rochtana: 2020-10-25.
  8. "Feasta - clár". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-28. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  9. Seaghan Mac An tSionnaigh. "Leithghabháil Chultúrtha: Cá bhfuil an líne?" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  10. "Seaghan Mac an tSionnaigh –" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  11. "Polarú na polaitíochta agus a thionchar < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  12. "The Gael Becomes Irish: the prospects for the Irish language in Ireland today" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  13. "Foclóir or Folklore?". www.drb.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  14. "“The Vocative Case on People’s Mouths”: The Irish Folklore Commission and Illiterate Linguistics – Estudios Irlandeses" (es). Dáta rochtana: 2020-10-25.
  15. Seaghan Mac an tSionnaigh (2017-11-29). "“Un nouveau dictionnaire anglais-irlandais” : léirmheas Francach ar fhoclóir Éireannach" (as ga). Études irlandaises (42-2): 37–46. doi:10.4000/etudesirlandaises.5258. ISSN 0183-973X. 
  16. IIIe Congrès du Réseau Francophone de Sociolinguistique (l'Université Paul-Valéry Montpellier 3) (2018). "Interventions sociolinguistiques chez des activistes irlandais, IDENTITÉS, CONFLITS ET INTERVENTIONS SOCIOLINGUISTIQUES". Dáta rochtana: 2022.
  17. Seaghan Mac an tSionnaigh (2019). "Seán Mac Criomhthain (1875–1955),Seanchaí Duibhneach" (2019):30–44 (Béascna). 
  18. "Focail & Foclóireacht T. Ó Neill Lane le Seaghan Mac an tSionnaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  19. Seaghan Mac an tSionnaigh (2015). "The West Limerick Man Who Wrote a Dictionary: T. O'Neill Lane" (as en). Lulu.com. 
  20. "Meanmanra - An tSíceolaíocht & an Fealsúnacht le". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  21. "Agus Dúrt Léi".
  22. "FÍSDÁN: Dán Crá | Ciara Ní É | REIC - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2020-10-26.
  23. "The vocative case on people's mouths: the Irish Folklore Commission and illiterate linguistics".
  24. "The Songs and Spoken Word of Irish-speaking Ireland".