Julie Jay

fuirseoir, scríbhneoir agus podchraoltóir Éireannach

Is bean ghrinn, scríbhneoir agus podchraoltóir Éireannach í Julie Jay.

Infotaula de personaJulie Jay
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir, podchraoltóir, scríbhneoir, fuirseoir ar a boinn Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach

Suíomh gréasáinjuliejaycomedy.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: juliejaycomedy Twitter: juliejaycomedy Instagram: juliejaycomedy TikTok: juliejaycomedy Cuir in eagar ar Wikidata

An fhuirseoireacht

cuir in eagar

Is mar bhean ghrinn a tháinig Julie Jay chun cinn i dtús báire[1] agus tá sí tar éis bheith ina taibheoir tacaíochta ag leithéidí Neil Delamere, Ardal O’Hanlon, Des Bishop, Flo and Joan agus Tommy Tiernan.[2]

Tá sí tar éis an stáitse a shiúil ag Féile na Gealaí agus ag an Oireachtas mar chuid de GhaelGÁIRÍ.[3]

Seónna aonair

cuir in eagar

Bhain seó aonair Julie Jay Oops, This is Toxic le Britney Spears agus mar a chaití le mná sna nóchaidí.

Chuir Julie seó aonair i nGaeilge ar an stáitse ag Féile Imill BhÁC 2024 faoin teidil Smidiríní, seó atá fé throid mhná mhílaoisigh amháin agus í ag iarraidh fanacht tábhachtach... ach is leor sin fé J Lo![4][1] Chaith sí le scéalta pearsanta agus le téamaí éagsúla a bhain le sochaí an lae inniu "go glic greannmhar agus í iomlán ar a compord."[5]

Podchraoltaí

cuir in eagar

Tá Julie Jay tar éis trí phodchraoladh a chur i láthair:

  • Up to 90, a bhain le cumha i ndiaidh na nóchaidí
  • Trapped With Fred and Julie, podchraoladh siamsaíochta leis an mbeirt fhuirseoirí
  • Crimeland, podchraoladh coirscéalta.[2]

An scríbhneoireacht

cuir in eagar

Is minic í ag scríobh don Irish Independent, tá colún rialta aici leis an Irish Examiner, agus tá sí tar éis scríobh do RTÉ agus don Irish Times freisin.[2]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Ciara Ní É (29 Iúil 2024). "Fringe Festival 2024 preview". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2024.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Julie Jay". Julie Jay. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  3. "Súil leis na céadta ag Féile na Gealaí an deireadh seachtaine seo". NÓS (2022-06-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Samhain 2023. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  4. "Smidiríní". Dublin Fringe Festival (2024-08-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-15. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  5. Eoin P. Ó Murchú (02 Deireadh Fómhair 2024). "Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2024.