Eoin P. Ó Murchú

iriseoir Éireannach

Scoláire, scríbhneoir, aistritheoir, agus gníomhaí ildánach ar son na Gaeilge is ea Eoin P. Ó Murchú. Is as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas.[1]

Infotaula de personaEoin P. Ó Murchú
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNós
Tuairisc.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge


X: murchadhmor Instagram: murchadhmor Youtube: UCuA6ubnAp4A2pEWFiQEnRaQ GitHub: epomurchu Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoireacht

cuir in eagar

Tá go leor altanna, scéalta, agus léirmheasanna foilsithe aige i nuachtáin agus irisí Gaeilge: Tuairisc.ie[2], RTÉ[3], Comhar[4], Nós[5], agus Léann Teanga: An Reiviú[6]. Déanann sé físeáin ar YouTube agus TikTok ar bhonn rialta freisin.

Sa bhliain 2020, d'fhoilsigh Leabhar Breac Tinte na Farraige Duibhe, aistriúchán Gaeilge a rinne Ó Murchú ar úrscéal le Tim Armstrong dar teideal Air Cuan Dubh Drilseach — an chéad úrscéal ficsin eolaíochta i nGaeilge na hAlban. Ainmníodh an t-aistriúchán ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe sa bhliain 2021.[7]

Obair acadúil

cuir in eagar

Cháiligh Ó Murchú mar dhochtúir leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2013.[8] Sa bhliain 2016, bhain sé céim mháistreachta amach sa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, le tráchtas dar teideal ‘Nach do reub an cuan’ Inneall hibrideach aistriúcháin a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin chun prós cruthaitheach a aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann, faoi stiúir an Ollaimh Máire Ní Annracháin.[9] Tá sé i mbun dochtúireachta san aistriúchán liteartha faoi láthair in Ollscoil Mhaigh Nuad, faoi stiúir an Ollaimh Fionntán de Brún.[8]

Gníomhaíochtaí eile

cuir in eagar

Bhí Ó Murchú ar dhuine de bhunaitheoirí an chlub CLG Na Gaeil Óga in 2010, cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ina bhall den fhoireann a d'aistrigh Gmail go Gaeilge in 2014.[10].

Sa bhliain 2013, bhunaigh Ó Murchú agus Andy Ó Faoláin GaelGÁIRÍ, oíche fhuirseoireachta Ghaeilge. Eagraítear GaelGÁIRÍ i mBaile Átha Cliath de ghnáth, ach cuirtear ar siúl é i bhféilte éagsúla timpeall na tíre freisin. Sa bhliain 2014, ghlac Ó Múrchú páirt sa gcomórtas teilifíse An Gaeilgeoir is Greannmhaire ar TG4, ag críochnú sa dara háit.

In 2022, fuair sé páirt i ndráma teilifíse Gàidhlig ar BBC Alba darb ainm An Clò Mòr.[11]

Duaiseanna

cuir in eagar
  • Duais Uí Dhoibhlin agus Scoláireacht do mháistreacht san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht
  • Duais de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge agus Scoláireacht do chúrsa máistreachta, COBÁC
  • Bonn Óir na Gaeilge agus Buanghradam Gaeilge an Bhráthair Uí Dhúgáin, Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
  • Duais Oireachtais d’Aiste Leighis[8]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Áine Ní Dhonnaile (2022-01-26). "Agallamh quickfire – Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  2. "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  3. "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  4. "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  5. "Eoin P. Ó Murchú". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  6. Eoin P. Ó Murchú (2020). "Léirmheas: Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-17. Dáta rochtana: 2023-04-21.
  7. "Duais de Bhaldraithe" (2021-08-17). Dáta rochtana: 2023-04-21.
  8. 8.0 8.1 8.2 "Mic léinn taighde". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  9. "Cumann Léann na Litríochta". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  10. Éanna Ó Caollaí (2014-12-11). "Seol teachtaireacht - Gmail now available as Gaeilge". Dáta rochtana: 2023-04-21.
  11. Ciarán Dunbar (2023-01-11). "Tar éis dom a bheith ar YouTube, is réalta teilifíse anois mé". Dáta rochtana: 2023-04-21.