TikTok
Is comhlacht meán sóisialta agus feidhmchlár comhroinnte físeán é TikTok, a bunaíodh i mBéising sa bhliain 2016.[1] Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.[2]
![]() | |
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne | https://www.tiktok.com ![]() |
---|---|
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta, ardán físeán ar líne agus aip shoghluaiste ![]() |
Teanga | iltheangacha agus an Béarla ![]() |
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe ![]() |
Forbróir gréasáin | Beijing Microbroadcast Vision Technology (en) ![]() ![]() |
Iontráil i seirbhís | Meán Fómhair 2016 ![]() |
Tír | Daon-Phoblacht na Síne ![]() |
Dámhachtain a fuarthas |
|
Rangú Alexa | 795 (Nollaig 3, 2019) 779 (Nollaig 8, 2019) 184 (Lúnasa 1, 2020) ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Baintear earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar fhíseáin éagsúla.
Tá an-tóir ag an aos óg go háirithe ar an aip. Tá na céadta milliún úsáideoir acu san Eoraip, gan an chuid eile den domhan a bhac.[3]
ConspóidíCuir in Eagar
Tógadh roinnt cásanna dlí in aghaidh TikTok maidir le líomhaintí gur sháraigh an comhlacht príobháideachas agus cearta maoine daoine.
SpiaireachtCuir in Eagar
Ós comhlacht Síneach é TikTok, tá imní ar na húdaráis san Eoraip agus i dtíortha an Iarthair trí chéile go bhfuil an comhlacht faoi anáil Rialtas na Síne agus go bhfuil sé mar Chapall Adhmaid na Traí.[3]
In 2023, chuir forais an Aontais Eorpaigh, rialtas na Stát Aontaithe, srl. cosc ar fheidhm a bhaint as TikTok ar ghléasanna oifigiúla le teann faitís go gcibearghoidfí sonraí nó go ndéanfaí cibearfheall de chineál eile. Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí faisnéise san Iarthar a chinn na húdaráís coscanna a chur i bhfeidhm. Bhí faitíos orthu chomh maith go mbainfeadh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte (cnuaschóipeáil sonraí agus earraí spiaireachta).[2]
In Éirinn ag an am céanna, bhí fiosrúchán ar bun ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon faoi shonraí a sheol TikTok chun na Síne.
Thug TikTok le fios ag an am céanna go gcoinneofaí i dtaisce sonraí úsáideoirí Eorpacha sa dá ionad i mBaile Átha Cliath agus in ionad eile in aice le príomhchathair na hIorua, Osló. Comhlacht slándála nach bhfuil aon bhaint acu le TikTok a bheas i bhfeighil na dtrí ionad sonraí sin, a dúradh.[3]
TikTok in ÉirinnCuir in Eagar
Bhí 2,000 duine ag obair don chomhlacht roinnte físeán in Éirinn go dtí 2022 - idir lucht cibearshlándála, lucht cosanta sonraí agus eile. Ar an 10 Meitheamh 2022, dúirt TikTok go raibh 1,000 folúntas nua le líonadh in Éirinn.[1]
In 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[3]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-06-10). "TikTok le 1,000 post nua a chur ar fáil in Éirinn" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-03-10). "Cosc curtha ag Rialtas na Beilge ar TikTok ar fhóin oifigiúla" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE).