Stóráiltear faisnéis a bhailítear in ionad sonraí (Béarla: data centre), agus sna freastalaithe a ndéantar óstáil orthu in ionad sonraí.[1]

Google Data Center, The Dalles, Oregon
CNPC in Changping. An tSín

Úsáid fuinnimh cuir in eagar

na freastalaithe

Úsáideann ionaid sonraí go leor fuinnimh (18% giniúint leictreachais in Éirinn).[2] Níos measa, tá an méid leictreachais a chaitheann ionaid sonraí timpeall an domhain ag méadú go suntasach. Mar shampla in Éirinn, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí méadú 32 faoin gcéad i gceist in 2021 ón mbliain roimhe sin.[3] Is méadú 265% a bhí ar an méid leictreachais a chaith ionaid sonraí idir Eanáir-Márta 2015 agus Deireadh Fómhair-Nollaig 2021.

Sa bhliain 2021, bhí 70 ionad sonraí in Éirinn idir mhór agus réasúnta mór ann. Bhí dhá cheann déag d'ionaid ollmhóra sonraí sa tír a bhfuil níos mó na deich meigeavata leictreachais ag teastáil uathu.

Sa bhliain 2022, bhí moratóir curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath le dul i ngleic leis an dúshlán agus lena chinntiú go soláthrófar a gcuid riachtanas leictreachais do gach ceantar sa Stát i dtosach.[4] In 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[5][6]

Forbairt inbhuanaithe cuir in eagar

Is féidir forbairt inbhuanaithe ionad sonraí a dhéanamh agus iad a sheirbhísiú trí fhoinse fuinnimh inathnuaite. Ach níl a leithéid in Éirinn fós (ach is féidir iad a thógáil i dtíortha eile, san Íoslainn mar shampla).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ireland’s EirGrid dashes tech giants’ cloud dreams with data center moratorium". Insider Intelligence. Dáta rochtana: 2023-06-04.
  2. "Ireland’s data centres are using as much electricity as all city homes" (en). euronews (2023-06-13). Dáta rochtana: 2023-06-13.
  3. Nuacht RTÉ (2022-05-03). "Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh" (as ga-IE). 
  4. "Ireland’s EirGrid dashes tech giants’ cloud dreams with data center moratorium". Insider Intelligence. Dáta rochtana: 2023-06-04.
  5. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE). 
  6. Vish Gain (2023-02-17). "TikTok plans second Irish data centre to store European data locally" (en). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2023-06-04.