Séaghan Ó Súilleabháin
Láithreoir teilifíse, pearsa ar na meáin shóisialta, múinteoir cáilithe agus Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín is ea Séaghan Ó Súilleabháin nó an Kerry Cowboy.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1999 24/25 bliana d'aois Cill Orglan, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhuire gan Smál |
Gníomhaíocht | |
Gairm | feirmeoir, múinteoir meánscoile, láithreoir teilifíse, duine cáiliúil ar an idirlíon, aisteoir gutha |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tá aithne fhorleathan ar Shéaghan mar láithreoir teilifíse agus pearsa ar na meáin shóisialta faoin leasainm ‘The Kerry Cowboy’. Chomh maith le cúrsaí feirmeoireachta, tá suim ar leith ag Séaghan i mbéaloideas, logainmneacha agus stair áitiúil chomh maith le sléibhteoireacht agus rámhaíocht. Tá sé lonnaithe in Oifig na Gaeilge, Ionad Aosoideachas Uí Chonaill, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.[1]
Is feirmeoir aitheanta as Cill Orglan é Séaghan a bhfuil a chroí sa talmhaíocht ach tá suim ar leith aige chomh maith sna meáin shóisialta.[2]
Cruthaíonn sé ábhar ar TikTok agus ar Instagram a bhaineann lena shaol laethúil, na hainmhithe agus an cultúr Gaelach. Tá nach mór 200 míle leantóirí aige ar Tiktok agus breis agus 25,000 ar Instagram. Is breá leis a bheith amuigh sa dúlra ag spaisteoireacht sna sléibhte, ag snámh san fharraige nó ag marcaíocht ar chapall. Tá an-suim aige i gcúrsaí caide, leis.[3]
Is as Oileán Dairbhre dá mháthair agus tá Gaelainn ag a muintir agus deir sé gur phioc [sé] suas focal nó dhó uathu.[4] Ambasadóir ar son Seachtain na Gaeilge a bhí ann freisin.
Is minic a bhíonn sé clos ar chláir ar nós an Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta.[5] Is beag taistil a bhí déanta aige sular thosaigh sé ar an gclár Téacs Taistil (sraith teilifíse) ar TG4.[6]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Séaghan Ó Súilleabháin" (ga-IE). Glór na nGael. Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ "8. Séaghan Ó Súilleabháin - Feirmeoireacht agus na meáin shóisialta" (en). TG4 Foghlaim. Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ "Séaghan Ó Súilleabháin" (en). bloc.tg4.ie. Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ "My farming week: Séaghan Ó Súilleabháin, Dromin, Cill Airne, Co Ciarraí" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ Brí Uíbh Ráthaigh. "Póstáil Brí Uíbh Ráthaigh".
- ↑ www.agriland.ie/. "Young Kerry farmer to host new TV travel show".