Téacs Taistil (sraith teilifíse)

sraith theilifíse ar TG4

Sraith taistil teilifíse ar TG4 é Téacs Taistil a thugann an lucht féachana sa bhaile ar aistear ón tolg go ceann scríbe ar leith ar feadh uair an chloig gach seachtain. Triúr atá páirteach ann - Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin agus Proinsias Ó Coinn. Is sraith spraíúil ghéimiúil atá ann in dtugann na cairde faoi dhúshláin agus eachtraí nua le cúnamh a lucht leanta ar na meáin shóisialta agus Google. Craoladh sraith in 2023 agus in 2024.

Infotaula de sèrie de televisióTéacs Taistil
TírÉire
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid2023