1913

Is féile Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Is é cuspóir na féile ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.[1] Cuirtear tús leis an bhféile ar 1 Márta, agus leanann sé ar aghaidh go 17 Márta agus Lá Fhéile Pádraig[2] gach bliain.

Bíonn an fhéile eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Is é an mana atá ag an bhféile ná “Úsáid do Theanga!”.[3]

Imeachtaí cultúrthaCuir in Eagar

Tá imeachtaí Gaeilge eagraithe mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ina measc:

  • De ghnáth bíonn a lán imeachtaí Gaelacha ar siúl i scoileanna na tíre. Is minic a bhíonn céilí nó coirm ceoil, comórtas póstaer nó comórtas filíochta ar siúl iontu, mar shampla.
  • Do pháistí, rásaí currachaí, sorcas as Gaeilge, seóanna puipéid as Gaeilge, srl.
  • Seoladh an iliomad ceirníní agus leabhair Gaeilge.

MeáinCuir in Eagar

Chuir na meáin chumarsáide béim bhreise as an nua ar thábhacht na Gaeilge le haltanna i nGaeilge, i mBéarla faoin nGaeilge agus eagarfhocail ag tacú leis an nGaeilge agus le Seachtain na Gaeilge le Energia. In RTÉ cuireann go leor cláracha Béarla béim bhreise ar an nGaeilge. I rith Sheachtain na Gaeilge le Energia bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar an gcóras FM i gcathracha éagsúla ar fud na tíre. De gnáth is féidir le éinne cluas a chur leis an stáisiún ar an idirlíon ag rrr.ie.

SpórtCuir in Eagar

Is ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge é Rith. Bhí an Rith náisiúnta is déanaí ar siúl ón 11 - 17 Márta 2018 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia. Leagadh cúrsa 500km le rith ó Bhéal Feirste go Lios Tuathail i gCiarraí thar 7 lá. Bhí éagsúlacht ann in 2014 toisc go raibh Rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.


Ba é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010, áit ar éirigh go hiontach leis na rití eile in 2010 agus in 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh i ngach féile faoi seach. Tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an Korrika á rith acu ó 1980 i leith agus áit a ghlacann breis agus 600,000 duine páirt sa bhféile.

CeolCuir in Eagar

Eisíonn an eagraíocht dlúthdhiosca in am don fhéile, mar atá Ceol '16, Ceol '08, Ceol '07, Ceol '06 agus SnaG '05. Bíonn amhránaí Éireannacha agus popamhránaithe ar na dhlúthdhioscaí seo, mar shampla Léimigí Thart le Des Bishop, Cailín na Gaillimhe le Mundy agus Grá dom Leonadh le The Swell Season. Is albam ceoil é CEOL 2018 le haistriúcháin Ghaeilge ar roinnt de na hamhráin is aitheanta ar fud an domhain. Bhí an t-albam curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm & leis an láithreoir 2fm, Eoghan McDermott.

Seoladh CEOL 2018 le hEoghan McDermott chuig gach scoil sa tír mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018. Seoladh an t-albam ar 26 Meán Fómhair 2018 le tacaíocht ó Kodaline agus bhí mír faoin seoladh ar nuacht RTÉ. Scaipeadh 350,000 cóip den albam ar dhaltaí meánscoile & seoladh cóip chuig gach bunscoil sa tír.

StairCuir in Eagar

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1903 agus athbhunaíodh é sa chaoi ina bhfuil sé faoi láthair i 1977.

Tamall de bhlianta ó shin, bhí taispeántais sa Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus sa Ghailearaí Náisiúnta le téamaí Gaeilge. Bliain eile, eagraíodh mórchomórtas Earraí Gaelacha trí Ghaeilge i measc siopaí lár Chathair Átha Cliath, i gcomhair leis an gComhairle Ghael-earraí. I measc na mbuaiteoirí bhí Clery's agus Brown Thomas.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "RTÉ". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2019-03-01.
  2. Eleathanach 256
  3. "Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2019-03-01.