Níl cultúr amháin ag muintir oileáin na hÉireann. Is iomaí difríocht atá ann, mar shampla idir muintir na cathracha agus muintir na tuaithe, nó idir na Caitlicigh agus na Prostatúnaigh sa Tuaisceart.

Bratach, 17ú haois

Tá 6.4 mhilliún duine in Éirinn. Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana. Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagán níos mó ná leath na ndaoine in Ulaidh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).

 

Is iad an Ghaeilge agus an Sacs-Bhéarla príomhtheangacha na hÉireann. Tá Béarla ag beagnach gach éinne in Éirinn. Deir 1.6 milliún Éireannach go bhfuil Gaeilge acu; 400,000 le Gaeilge líofa; 104,000 a úsáideann gach lá í (70,000 duine fásta, os cionn naoi mbliana déag d'aois).

 
Béal Feirste, M.F. 2012

Tá cáil ar na hÉireannaigh ó thús a gcuid staire sa cheol. Bhíodh ceoltóirí agus cumadóirí ceardúla go fairsing sa tír faoi na sean-ríthe agus flathamhna, go dtí gur chuir Cath Chionn tSáile deireadh leis an seanchóras Gaelach. As sin amach, leanadh den cheol, ach ba cheol tíre an chuid ba mhó de, le ceol rince agus oibre san áireamh.

 
IRISH LITERATURE, Iml.2, 1879

Níos déanaí, tháinig foirm amhránaíochta gan tionlacan ar aghaidh, ar a dtugtar an sean-nós. Tá sé seo láidir fós, go háirithe i nGaeltachtaí Chonnacht. Tá traidisiúin ceol fidle láidir i gcuid mhór den tír, ach castar ceol traidisiúnta freisin ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin, agus ar an mbosca ceoil go forleathan. Bhíodh rincí traidisiúnta go rialta ag na crosbhóthair go dtí na 1950í, ach ina dhiaidh sin ba sna hallaí rince ba mhó a bhí ceol le haireachtáil go beo. Ar ndóigh chuir an disco tarraing i gcónra na mbannaí agus na hallaí ceoil, cé go leanann cuid acu go fóill.

Litríocht

cuir in eagar

Maraon leis an gceol, tá cáil ar na Gaeil leis an scríbhneoireacht. San fhichiú céad agus sa 21ú céad is i mBéarla atá an chuid is mó den scríbhneoireacht seo, ar aon dul leis an titim ar úsáid na Gaeilge thar an achar sin.

 
Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann i gcoinne an tSeoirsia (2007)

Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh. Is iad iomáint, peil Ghaelach, camógaí agus liathróid láimhe. Is é Cumann Lúthchleas Gael ainm an eagraíocht atá i gceannas na gcluichí seo in Éirinn. Is iad na cluichí traidisiúnta atá is coitianta in Éirinn, ach tá gach saghas spórt le fáil freisin. Tá suim ag go leor daoine sa sacar freisin, agus faigheann foireann sacair na hÉireann a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oileáin ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.

Na meáin cumarsáide

cuir in eagar

Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an Irish Times, an Irish Independent, agus le cúpla bliain anuas an Irish Examiner.[1][2] Bhí an Cork Examiner ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair.

 

Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph, an Irish News agus an Daily Ireland as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday World. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: (atá laethúil, as Béal Feirste) agus Foinse (atá seachtainiúil, as An Cheathrú Rua).

Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4.[3]TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.

Féach Freisin

cuir in eagar
  1. "Our story" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-03-29.
  2. "About IrishTimes.com" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-03-29.
  3. "Seirbhísí RTÉ – About RTÉ". about.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-03-29.