Is páipéar nuachta é The Irish News atá bunaithe i mBéal Feirste. Tá léargas náisiúnach measartha ag an páipéar. Tá príomh-fhócas aige ar nuacht in Uladh ach tá sé ar fáil i bhformhór na hÉireann.

Infotaula de publicacions periòdiquesThe Irish News
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1891 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Patrick MacAlister
Tréith
Formáid nuachtáindlúth

Suíomhirishnews.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: irish_news Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Is é The Irish News an t-aon nuachtán laethúil atá bunaithe i dTuaisceart Éireann atá faoi úinéireacht neamhspleách. Ba é sin cás an nuachtáin ó bunaíodh é ar an 15 Lúnasa 1891 mar nuachtán frith-Pharnell. Timpeall 1968, agus i rith na Trioblóidí tháinig méadú mór ar imshruthú The Irish News, go háirithe i rith aimsir an imtheorannaithe gan triail.

I mí an Mheithimh 1982, tháinig an páipéar faoi stiúradh iomlán chlann Mhic Giolla Phádraig, úinéirí an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Is é an páipéar is mó léite i dTuaisceart Éireann é The Irish News. Tá cáil air fosta mar gheall ar a thuairisciú leathan ar na Cluichí Gaelacha.

Fás níos Deireanaí cuir in eagar

The Irish News ina pháirt den ghrúpa cumarsáide Northern Media Group. Is leis an teaghlach céanna sé stáisiún raidió i gCúige Uladh: Five FM, Six FM, Seven FM, Q97.2, Q101.2 agus Q102.9. Tá baint ag an ghrúpa Northern Media Group leis an chomhlacht úr nuachta, River Media, atá ag fás go gasta.

Gradaim cuir in eagar

Imshruthú agus léitheoireacht
 
Imshruthú 47,911 (RA amháin)
Léitheoireacht
Dataí Eanáir 2008 – Meitheamh 2008
Foinse Audit Bureau of Circulations
  • Bronnadh CIPR Newspaper of the Year Award ar The Irish News sé bliain amach as naoi gceann idir 1999 agus 2008.
  • 2006 – CIPR Best Supplement – Weekend
  • 2007 – Production Journal Regional Newspaper of the Year
  • 2007 – Newspaper Society Promotional Campaign of the Year
  • 2007 – Newspaper Society UK Regional Press Photographer of the Year (Mal McCann)
  • 2007 – CIPR Best Supplement – Weekend
  • 2008 – CIPR Production Journalist of the Year (Jeremy Kirker)
  • 2008 – Annual Irish Print Awards' National Newspaper Award
  • 2008 – CIPR Print Business Journalist (James Stinson)
  • 2008 – CIPR Business Journalist of the Year (James Stinson)
  • 2008 – CIPR Newspaper and Daily Newspaper of the Year

Tagairtí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar