Des Bishop

fuirseoir Gael-Mheiriceánach

Fuirseoir Meiriceánach atá gníomhach in Éirinn é Des Bishop (Deasún Mac an Easpaig as Gaeilge). Saolaíodh agus tógadh é i Nua-Eabhrac, ach bhog sé go Contae Loch Garman sa bhliain 1990.[1] Tá a chuid fuirseoireachta bunaithe go mór ar na rudaí a thugann sé faoi deara mar núíosach sa tír seo.

Infotaula de personaDes Bishop

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Samhain 1975
48 bliana d'aois
Queens, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh
St. Francis Preparatory School (en) Aistrigh
Coláiste Pheadair, Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheRialto
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge, Béarla agus An tSínis
Teaghlach
CéileHannah Berner Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindesbishop.net Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1484711 Facebook: desbishop Twitter: desbishop Instagram: desbishop Youtube: UC6tmHeVPyz1jOXNsA2b3gtQ TikTok: desbishop5 Musicbrainz: 658d9a9c-a122-4311-875e-53c9b52346d5 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá tallann ar leith aige chun aithris a dhéanamh ar dhaoine agus an t-ábhar a chloiseann sé a ionramháil go cliste ina chuid seónna ar bhealach atá greannmhar, neamhurchóideach.[fíoras?]

Tá sé ag obair i réimse na siamsaíochta in Éirinn ó dheireadh na nóchaidí, tráth ar thosaigh sé ag láithriú seónna san International Comedy Cellar i gcathair Bhaile Átha Cliath. Is é an t-aisteoir Ardal O'Hanlon, mar aon le Kevin Gildea agus Barry Murphy, a bhunaigh an t-ionad agus tá Deasún i mbun riaradh na háite anois in éineacht lena dheartháir Aidan. Cuireann an club ardán ar fáil do dhaoine óga a bhfuil suim acu in ealaín an fhuirseora. Chuir an áis seo ar a chumas féin forbairt a dhéanamh ar a ghairm agus é ag seasamh os comhair lucht féachana. Tá clú idirnáisiúnta air ó bheith páirteach i bhféilte móra siamsaíochta in Aspen, i nDún Éideann, i Montréal agus i gCill Chainnigh.

Tháinig Bishop san ochtú áit ar an gcéad sraith Dancing with the Stars sa bhliain 2017.

Dúshlán pearsanta cuir in eagar

Chuir pobal na hÉireann aithne air den chéad uair sa bhliain 2000 nuair a bhí sé páirteach i sraith chláracha teilifíse ar RTÉ a bhí bunaithe ar théamaí tráthúla nuachta dar teideal Don’t feed the Gondolas.[1] Bhí air éirí as an gclár ar chúinsí pearsanta. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh an ailse ag cur as dó ag an am. Níor lig sé dá chuid fadhbanna sláinte an ceann is fearr a fháil air, áfach, agus is amhlaidh a bhain sé miotal as an scéal chun aird a tharraingt ar an ngalar.

Dúshlán gairmiúil cuir in eagar

Tá nós aige plé le daoine atá ar imeall na sochaí agus le topaicí achrannacha a sheachnaítear go minic. Ceistíonn sé os ard na claonta agus na tuairimí dochta atá sa tsochaí. Creideann sé gurb é an bealach is fearr le teacht ar thuiscint phearsanta ar chruacheisteanna an tsaoil ná é féin a lonnú i gceartlár na ndaoine a bhíonn faoi chaibidil aige.

Chuir lucht féachana aithne air de bharr na sraithe teilifíse The Des Bishop Work Experience ar RTÉ. Bhain sé leas as genre theilifís na réaltachta chun solas a scalladh ar an mbealach a chaitear le fostaithe a bhíonn a iarraidh maireachtáil ar an íosphá in Éirinn. Lean na ceamaraí é agus é ag tóraíocht oibre in earnálacha na lónadóireachta agus na turasóireachta. Chaith sé tréimhsí ag obair in Abrakebabra i bPort Láirge, san Aquadome i dTrá Lí, in Superquinn i nDún Dealgan agus in Óstán an Central i mBaile Átha Cliath mar chuid den dúshlán sin.[1]

Voyeur cuir in eagar

Lean sé le sraith dhúshlánach eile a taispeánadh ar RTÉ dar teideal Joy in the Hood. Sa chás seo, chaith sé tréimhsí ag maireachtáil i gceantair bhochta a raibh droch-chlú orthu i gcathracha móra na hÉireann. Tharraing an tsraith conspóid mar gheall ar an bpictiúr réadach den chruatan a léiríodh ó thaobh fadhbanna sóisialta i mBaile Munna, Baile Átha Cliath; Cnoc na hAoine i gCorcaigh; An Cnoc Theas i Luimneach agus ceantair bhochta i mBéal Feirste.

Le linn dó a bheith i mBéal Feirste bhí sé de dhánacht ann a rá le Protastúnaigh go raibh siad níos cosúla lena gcomharsana Caitliceacha ná mar a shamhlaigh siad féin. Sa Chnoc Theas i Luimneach, áit a bhfaca sé neart cruatain, mhaígh sé go gcabhródh a chlár teilifíse le geilleagar an cheantair trí thurasóirí a mhealladh isteach a d’fhéadfaí a robáil. Tharraing na cláracha a rinneadh i gCnoc na hAoine, Corcaigh agus i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, achrann nuair a chuir polaiteoirí agus cinnirí pobail ina leith go ndeachaigh sé thar fóir le cúrsaí ainnise mar mhaithe leis an magadh.

Is é Deasún a chruthaigh an seó “hip-hopera” dar teideal ‘RAP ÉIRE’ in éindí le Arthur Riordan. Bhí an scéal grinn bunaithe ar Mheiriceánach uaillmhianach a fuair measctha suas leis an dream contráilte nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime. Léiríodh an seó ar dtús in Ionad Ealaíon an Project i 2001 agus ina dhiaidh sin in Amharclann Andrews Lane. Bhí Deasún ar an stáitse chuile oíche le linn an chéad sraith in ainneoin é bheith ag fáil ceimiteiripe don ailse a bhí ag cur as dó. Cuireadh an chéad dáta léirithe a bhí beartaithe don seó ar athló tar éis dó a fháil amach go raibh an galar air. Tháinig sé féin agus Riordan le chéile arís agus scríobh siad an dara hiarracht le chéile dar teideal Shooting Gallery, a léiríodh i mBaile Átha Cliath i 2005.

An Ghaeilge cuir in eagar

Is é an dúshlán is déanaí a tharraing sé chuige féin ná bliain a chaitheamh i nGaeltacht Chonamara ag foghlaim na teanga. Chuir sé roimhe dóthain líofachta a bhaint amach le go mbeadh ar a chumas seó i nGaeilge a chur i láthair agus a bheith ábalta “comhrá Gaeilge a dhéanamh leis an nGaeilgeoir is géarchúisí dá bhfuil ann”.

Deir sé go bhfáiltíonn sé roimh lucht éisteachta atá criticiúil. “Níl sé sách maith go gceapfadh daoine gur leor cúpla focal toisc gur Meiriceánach mé. Caithfidh mé tabhairt faoi i gceart”.[fíoras?]

Agus é ag cloí leis an bprionsabal sin, tá sé tar éis bliain a chaitheamh ag maireachtáil i nGaeltacht Chonamara mar dhúshlán do shraith nua teilifíse atá le taispeáint ar RTÉ dar teideal In the Name of the Fada.[2] Déileálann an chéad eagrán sa tsraith le Deasún ag cur aithne ar dhaoine áitiúla, an timpeallacht thiar agus an áit a mbeidh sé ag cur faoi; clárú do ranganna Gaeilge agus na daoine a chabhróidh leis socrú isteach. Feictear é i mbun gníomhaíochtaí éagsúla le muintir na háite a chabhróidh lena stór focal a leathnú le linn babhtaí dornálaíochta, ceardlanna drámaíochta agus cluichí peile.

Bhain sé feidhm as a chuid Gaeilge nua chun leagan Gaeilge den rap-rian Jump Around, le House of Pain a thaifead. Cuimsíodh an t-amhrán, Léimigí Thart, ar an gceirnín Ceol '08.

Tá Deasún Mac an Easpaig ina chónaí in Éirinn ó bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Is cosúil go bhfuair sé bata agus bóthar ó scoil i Flushing, Queens, a raibh sé ag freastal uirthi agus é ina dhéagóir. Bheartaigh a athair, a raibh gaolta in Éirinn aige, é a chur go scoil chónaithe i Loch Garman. D’fhreastail sé ar an ollscoil i gCorcaigh ina dhiaidh sin, áit ar thug sé faoin stáitse den chéad uair.

In agallamh a rinne Deasún leis an New York Times thug sé le fios go raibh tionchar an-mhór ag a mháthair ar na téamaí a bhíonn faoi chaibidil aige ina shaol gairmiúil. Tá sé ráite aige chomh maith to bhfuil sé thar a bheith mórtasach as an obair a rinne sí le daoine gan dídean i gcathair Nua-Eabhrac.

Cuimhneoidh lucht féachana pictiúrlainne le cion ar Dheasún i bpáirt bheag caimeo a bhí aige ag rapáil i gcúl tacsaí i Nua-Eabhrac sa scannán In America (2003) a rinne Jim Sheridan.[3]

Saothar cuir in eagar

Dlúthdhioscaí DVD
  • ‘The Des Bishop Working Experience’ (RTÉ)
  • ‘Des Bishop Live at Vicar Street’ (2005)
  • ‘In The Name of the Fada’
Scannáin/Seónna teilifíse
  • ‘Don’t feed the Gondolas’ (RTÉ 2)
  • ‘The Empire Laughs Back’ (BBC2)
  • ‘Xit Files’ (scríbhneoir scripte in éineacht le Colin Murphy)
  • ‘In America’ (2003, scannán a stiúir Jim Sheridan)

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "GalwayIndependent.com - Próifíl". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-22. Dáta rochtana: 2008-04-01.
  2. RTE.ie - Preaseisiúint (en)
  3. Des Bishop ag an bunachar IMDb

Naisc Sheachtracha cuir in eagar