Raidió Rí-Rá

stáisiún raidió Gaeilge

Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge. Is é an chéad chairt-stáisiún lán-Ghaeilge don aos óg in Éirinn agus seinneann an stáisiún na hamhráin ó bharr na gcairteacha ar líne ag www.rrr.ie. Tá cláracha ar nós PopNuacht, Giotaí, GigNuacht, agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann á gcraoladh trí mheán na Gaeilge ar an stáisiún freisin.

Bosca Sonraí EagraíochtaRaidió Rí-Rá
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2008

Suíomh gréasáinraidiorira.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus é maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.

Stáisiún Raidió Gaeilge don Aos Óg cuir in eagar

Seoladh an chéad chairt-stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos-óg faoin ainm oibre Raidió X ar an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2008, 3 Márta 2008. Tháinig 100 mac léinn le chéile ar pháirc chruicéid Ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath chun cruth X a dhéanamh ar an bpáirc mar shiombail den stáisiún nua.[1]

Raidió Rí-Rá Ar An Aer cuir in eagar

Seoladh seirbhís FM de chuid Raidió Rí-Rá Dé Máirt 3 Márta 2009 ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúil a bhí ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2009. Thug an tAire Éamon Ó Cuív cuairt ar an stiúideo ar Shráid an Mhóta Uachtarach i mBaile Átha Cliath chun labhairt le láithreoirí Rí-Rá agus a thacaíocht a léiriú don ógstáisiún Gaeilge úr.

Bhí teacht ar níos mó ná milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta 2009, agus ba í an craoladh sealadach seo an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM.

D'éirigh le Raidió Rí-Rá tús a chur leis an gcraoladh beo ar an gcóras FM in 2009 buíochas le ceadúnas sealadach ilchathrach a bhronn Coimisiúin Craolachán na hÉireann air. Cuireadh seirbhís FM Rí-Rá ar fáil le tacaíocht ón bpríomhurraitheoir corparáideach Samsung agus le cabhair ó Chonradh na Gaeilge.

Chomh maith le cláracha amhlaidh PopNuacht agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann a bhí cheana féin ar fáil ar líne ag www.rrr.ie, bhí seónna beo á gcraoladh trí mheán na Gaeilge, mar aon le cláracha speisialta curtha i láthair ag a leithéid Clíona Ní Chiosáin, príomhcharachtar sa tsraith theilifíse Aifric a bhuaigh gradam IFTA. Bhí an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre á luaigh ar Rí-Rá gach uair a chlog agus bhí deis ag éisteoirí iarratais cheoil a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag eolas@raidiorira.ie, agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig +353 (0)85 1328000 le linn an chraolacháin bheo.

Ba mhaith leis an stáisiún bheith ar fáil ar Saorview.

Gradaim cuir in eagar

Bhuaigh Raidió Rí-Rá gradam na Gaelainne ag Gradaim Cúiseanna Maithe an Crannchur Náisiúnta 2018.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Muirí, P 2008, 'Ag dul thar sáile ar lorg lucht labhartha na Gaeilge', The Irish Times, 5 Márta, An Teanga Beo.