Clíona Ní Chiosáin
Is í Clíona Ní Chiosáin réalta an chláir Aifric, clár teilifíse atá dírithe ar dhaoine óga a chraoltar ar an stáisiún lán-Ghaeilge TG4. Taobh amuigh den aisteoireacht, cuireann sí seó raidió seachtainiúil le hainm Speig Neanta i láthair ar Raidió na Life, craoltóir lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1990 34/35 bliana d'aois Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, láithreoir teilifíse, múinteoir |
As Leamhcán i gContae Átha Cliath di, is é Aifric an chéad phost aisteoireachta a ghlac sí riamh. Is Gaeilgeoirí iad a thuismitheoirí - a hathair Éamon Ó Ciosáin atá ina léachtóir le Fraincis in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus a máthair Anne Gallagher atá ina stiúrthóir ar an teanglann san áit chéanna. As Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall di ó dhúchas. Tá deirfiúr amháin níos óige aici, Bebhinn.
Sa bhliain 2008, ainmníodh Clíona sa chatagóir Banaisteoir Is Fearr i bPríomhpháirt i gClár Teilifíse/Scannán.
Sa bhliain 2020, mhúin "múinteoir Clíona" ar Home School Hub.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- Bunachar IMDB (Béarla)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |