Is í Béising (Sínis: Běijīng Shì, 北京市) príomhchathair Dhaon-Phoblacht na Síne, agus í ar ceann de na cathracha is mó daonra ar fud an domhain.

Infotaula de geografia políticaBéising
北京市 (zh-cn) Edit the value on Wikidata
Guomao Skyline.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Beijing in China (+all claims hatched).svg Edit the value on Wikidata
 39°54′18″N 116°23′29″E / 39.905°N 116.3914°E / 39.905; 116.3914
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 21,710,000 (2017) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 16,410.54 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Abhainn Yongding agus Qing River (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Airde 43 m Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Mount Dongling (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Khanbaliq (en) Aistrigh agus Beiping (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eachtra barrthábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin People's Government of Beijing Municipality (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Mayor of Beijing (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Chen Jining (Bealtaine 27, 2017) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 100000 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
UTC+08:00 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Glaochód 10 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin beijing.gov.cn Edit the value on Wikidata

Sa bhliain 2012 bhí fiche milliún, sé chéad nócha agus trí mhíle duine (20,693,000 duine) ina gcónaí i mBéising. Níl sí ar an gcathair is mó daonra sa tír áfach, nó tá fiche agus trí mhilliún duine ina gcónaí i Shang-hai.

Is í Béising an chathair is tábhachtaí sa tSín ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de. Bardasacht í cathair Bhéising atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta. Tá ceithre cinn déag de cheantair uirbeacha nó fho-uirbeacha ann chomh maith le dhá chúige tuaithe.

Mol lárnach tráchta í Béising chomh maith, agus tá ceanncheathrúna na ngnólachtaí is mó faoi úinéireacht an Stáit suite ansin. Tá aerfort idirnáisiúnta Bhéising ar an dara haerfort is gnóthaí sa domhan, más i líon na bpaisinéirí a thomhaistear é.

StairCuir in Eagar

Téann stair na cathrach trí mhílaois siar. Is deacair teacht ar mhórchathair chomh fadsaolach céanna sa domhan, agus chuirfeadh teampaill, páláis, tuamaí, ballaí agus geataí stairiúla na cathrach draíocht ar aon duine.

Maidir leis an stair chomhaimseartha, ní mór an sléacht i gCearnóg Tiananmen ar an 4 Meitheamh 1989 a lua. Faoi thionchar na n-imeachtaí in Oirthear na hEorpa san am chéanna, chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag agóidíocht agus ag éileamh daonlathais. Sa deireadh, cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus dealraíonn sé go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.

Cluichí Oilimpeacha. Sa bhliain 2008, tháinig lúithnirí an domhain le chéile i mBéising le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh a imirt.


AeráidCuir in Eagar

Béising – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 1.8 5.0 11.6 20.3 26.0 30.2 30.9 29.7 25.8 19.8 10.1 3.7 17.9
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -8.4 -5.6 0.4 7.9 13.6 18.8 22.0 20.8 14.8 7.9 0.0 -5.8 7.2
Meán-bháisteach (mm) 2.7 4.9 8.3 21.2 34.2 78.1 185.2 159.7 45.5 21.8 7.4 2.8 571.8
Foinse: