Feidhmchlár
Sa ríomhaireacht, tugtar feidhmchlár (nó bogearraí feidhme) ar saghas ríomhchlár bogearraí a úsáidtear chun tasc sonrach éigin a dhéanamh don úsáideoir le húsáid ríomhaire, m.sh. próiseáil focal, brabhsálaí idirlín nó cuntasaíocht. Tá codarsnacht ann le bogearraí córais, a úsáidtear chun cumhachtaí an ríomhaire a chomhcheangal, agus nach n-úsáidtear de ghnáth chun taisc a dhéanamh don úsáideoir féin. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir feidhmchláir le haghaidh úsáid phearsanta ar nós an bhrabhsálaí agus na feidhmchláir atá ann chun gnó a dhéanamh.
| |
Cineál | catagóir bogearraí |
---|---|
Is samplaí tipiciúla de bhogearraí feidhme iad scarbhileoga, próiseálaithe focal agus seinnteoirí meán.
Féach freisin
cuir in eagarIs síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |