Cruthaíonn an t-aistritheoirdaonna foinse theanga agus sprioctheanga, agus de réir mar a bhíonn aistriúchán á dhéanamh coinnítear taifead i gcuimhne an ríomhaire de na téarmaí a úsáidtear san aistriúchán, ionas gur féidir leis an aistritheoir an t-ábhar céanna a úsáid arís agus aistriúchán nua idir lámha.
Briseann an feidhmchlár an téacs ina bhlúirí nó abairtí srl agus cuardaíonn sé a chuimhne le teacht ar ábhar atá mar an gcéanna leis nó cosúil leis.
Más féidir meaitseáil iomlán a dhéanamh déanfaidh an ríomhaire an t-aistriúchán nó cuirfidh sé moladh ar fáil de réir an chéatadáin meaitseála atá socraithe ag an úsáideoir.
Dá mhéad oibre a dhéantar leis an bhfeidhmchlár is ea is cruinne a bhíonn sé, agus is féidir leis an aistritheoir a tháirgiúlacht a mhéadú dá réir.
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.