Caoimhín Ó Scanaill
Is ollamh agus teangeolaí Meiriceánach é Caoimhín Ó Scanaill (Béarla: Kevin P. Scannell). Ollamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis atá ann a raibh lámh aige i gcruthú go leor uirlisí digiteacha Gaeilge.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Kevin Scannell |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 11 Bealtaine 1970 54 bliana d'aois Bostún, Massachusetts |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts Ollscoil California, Los Angeles |
Céim acadúil | céim dochtúireachta |
Tráchtas acadúil | Flat Conformal Structures and Causality in de Sitter Manifolds (1996 ) |
Comhairleoir dochtúireachta | Geoffrey Mess |
Teanga dhúchais | Béarla Meiriceánach |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | St. Louis |
Gairm | múinteoir ollscoile, Vicipéideoir |
Fostóir | Ollscoil Saint Louis (1998–) Ollscoil Rice (1996–1998) |
Teangacha | Béarla Meiriceánach agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Philip C. Huling |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | kevinscannell.com |
Saol
cuir in eagarIs Meiriceánach é an Scanallach, a rugadh i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1970, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit ar bronnadh BS air sa bhliain 1991. Fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa mhatamaitic chomh maith).
Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas, sular thug sé faoi St. Louis sa bhliain 1998. Chaith sé bliain ar Fullbright in Éirinn ag plé le teicneolaíocht don Ghaeilge.
Thosaigh an Scanallach ag foghlaim na Gaeilge sna 1990idí. Go gairid tar éis sin, thosaigh sé ag obair ar bhogearraí éagsúla a chabhródh le foghlaimeoirí eile agus le cainteoirí dúchais an teanga a úsáid ar an ríomhaire. Ba é an litreoir GaelSpell an chéad acmhainn ríomhaireachta don teanga a rinne sé, agus foilsíodh an chéad leagan sa bhliain 2000.
Bhunaigh sé Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An cuspóir atá acu ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.
Bhunaigh an Scanallach, agus daoine eile, an 'Ríomhacadamh' sna 2010idí. Chuir an grúpa leaganacha Gaeilge de mhórmheáin shóisialta – GMail (2014), XTwitter (2015), Facebook, WhatsApp, Bluesky (2024) ar fáil.[1][2][3][4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Maitiú Ó Coimín (28 Samhain 2024). "An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-29.
- ↑ Éanna Ó Caollaí (2014-12-11). "Seol teachtaireacht - Gmail now available as Gaeilge". Dáta rochtana: 2023-04-21.
- ↑ Mícheál Johnny Ó Meachair (2019-04-09). "AGALLAMH: Terry Cavanagh - forbróir cluichí ríomhaireachta Gaeilge" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-12-11.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (11 Nollaig 2024). "Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-11.