Gluais Téarmaí Aistriúcháin agus Teangeolaíochta

Is Gluais Téarmaí Aistriúcháin agus Teangeolaíochta é seo.

Ainm aicmeachCuir in Eagar

Focal ginearálta a chuimsíonn na focail eile i réimse séimeantach. Mar shampla, cuimsíonn an focal ginearálta CAINT focail níos sainiúla mar ‘comhrá’, ‘cogarnach’, sampla eile ná 'miotal' a chuimsíonn focail eile ar nós 'iarann' agus 'cruach'.

Béarla: superordinate.


Aistriúchán dílisCuir in Eagar

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar ciall an téacs fhoinsigh slán, oiread agus is féidir, agus ina gcloítear le comhréir an téacs fhoinsigh oiread agus is féidir. Is é an difear is mó idir é agus an t-aistriúchán litriúil ná go dtugtar aird ar choinbhinsiúin na sprioctheanga chomh maith.

Aistriúchán follasachCuir in Eagar

Cur chuige nach n-úsáidtear ach go fíorannamh na laethanta seo ach a bhí coitianta seal i measc aistritheoirí Bíobla. Cuirtear téacs aistrithe ar fáil atá chomh mór sin faoi thionchar na teanga foinsí agus gur léir gur aistriúchán atá ann.


Aistriúchán idirlíneachCuir in Eagar

Cur chuige aistriúcháin ‘focal ar fhocal’, m.sh. ‘Tá aithne agam ar Shíle’ / Is knowing at me on Síle. Is i réimse na teangeolaíochta (chun difríochtaí comhréire idir teangacha a léiriú) a úsáidtear an cur chuige seo de ghnáth.

Ta(Tá) un skeeal(scéal amháin) v'er ny(a bhí á) insh(insint) dou(dom) liorish(ag) my naim(m'uncail) ó 'Skeealaght', scéalta ón Manainnis maille le haistriúchán idirlíneach ó Kevin Scannell.

An t-aistriúchán litearthaCuir in Eagar

An t-aistriúchán a dhéantar ar úrscéalta, ar dhrámaí, ar fhilíocht nó ar shaothar ar bith a bhfuil an fhoirm barrthábhachtach ann.


Aistriúchán litriúilCuir in Eagar

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar tús áite do chiall, do chomhréir agus do ghnás na teanga foinsí, fiú má sháraíonn sin coinbhinsiúin na sprioctheanga.


An t-aistriúchán pragmatachCuir in Eagar

An t-aistriúchán a dhéantar ar théacsanna neamhliteartha, m.sh. tuarascálacha bliantúla, bileoga eolais, fógraí.


AonchiallachCuir in Eagar

Focal a chuireann coincheap amháin in iúl agus nach bhfuil aon débhríocht ann, m.sh. ‘teileafón’ nó 'arócar' - 'monkey-puzzle' i mBéarla.


AonchiallachasCuir in Eagar

Gan níos mó ná ciall amháin a bheith le focal. Béarla: monosemy.


AthluaiteachasCuir in Eagar

Locht stíle ina ndéantar an coincheap céanna a athrá i bhfocail éagsúla, m.sh. ‘Bhí an gloine folamh agus ní raibh faic inti.’ Chosnaigh sé €20 euro. Béarla: tautology.


BéarlachasCuir in Eagar

Róthionchar an Bhéarla ar an nGaeilge. Trasnáil ón mBéarla go Gaeilge. M.sh 'Tháinig sé as an ngorm' in áit 'tháinig sé gan choinne' mar leagan le 'It came out of the blue' a rá.


BéarlagairCuir in Eagar

(1) Friotal agus téarmaíocht shainiúil a úsáidtear i measc lucht ceirde nó gairme. (2) Téarmaí a bhain le réimse saoil ar leith ach atá anois in úsáid ghinearálta mar mheafair, m.sh. acid test, critical mass. Cinn ó shaol an airm iad 'to open fire' agus 'shoot from the hip.'

Béarla: jargon.


Bearna shéimeantachCuir in Eagar

Easnamh nó míréir idir teangacha, m.sh. is deacair don Ghaeilgeoir coincheapa áirithe sa Bhéarla a chur in iúl, m.sh. promotional, soft drink. nó 'siblings' is 'decades' Chuirfí a leithéid i gciall trí 'deartháireacha is deirfiúracha' is 'na blianta fada' a rá.

Béarla: semantic gap.


CaillteanasCuir in Eagar

Téarma ginearálta ar na gnéithe den téacs foinseach nach féidir a thabhairt slán san aistriúchán.

Caillteanas foirmeCuir in Eagar

Bíonn caillteanas foirme ann nuair nach féidir foirm an téacs fhoinsigh a thabhairt slán san aistriúchán, m.sh. ní féidir ‘ní hé lá na báistí lá na bpáistí’ a aistriú go Béarla agus an chomhfhuaim idir ‘báistí’ agus ‘bpáistí’ a choimeád. Sampla eile a bhí sa nuacht le tamall ná 'dúirt bean liom go ndúirt bean léi' rá a chailleann a chuid nirt ar fad nuair a thiontaítear go Béarla é, toisc nach féidir an uaim idir 'liom agus 'léi' a choinneáil.


Caillteanas tagrachCuir in Eagar

Bíonn caillteanas tagrach ann nuair nach féidir tagairtí cultúrtha sa téacs foinseach a thabhairt slán san aistriúchán, m.sh. ní féidir focail mar sidewalk, faucet a chomharthú mar fhocail a bhaineann le Béarla Mheiriceá Thuaidh seachas Béarla na hÉireann. Is deacair tagairtí cultúrtha ó Bhéarla Shasana a thabhairt slán san aistriúchán, mar shampla 'geezer'. Ní thuigfí bunbhlas Sasanach an fhocail sna haistriúcháin seo ar 'Old geezer', 'seanbhuachaill', 'seanchailleach'.


Calque (lomaistriúchán)Cuir in Eagar

Focal nó leagan a aistriú díreach ó theanga eile, m.sh. reduced price / ‘praghas laghdaithe’. Is minic gur locht ar an aistriúchán é sin, nuair atá leaganacha seanbhunaithe sa sprioctheanga cheana, m.sh. ‘lascaine’ agus ‘lacáiste’.

Tá 'lámhráille' in úsáid mar aistriúchán ar Bhusanna Bhaile Átha Cliath, b'fhearr 'ráille' leis féin.

Canúint aonairCuir in Eagar

Tuiscint phearsanta an chainteora ar an teanga. Ní i gcónaí a bhíonn an tuiscint sin ag teacht le tuiscint phobal labhartha na teanga de réir mar a thuairiscítear sin i bhfoclóirí, i ngráiméir srl. Tugann sé saoirse áirithe don scríbhneoir, abair a bheith ag caint ar 'fite fuaiteachas' nó focail eile a chumtar ach atá de réir thraidisiún na teanga fós.

Béarla: idiolect.


Carnadh comhchiallachCuir in Eagar

Cleas stíle ina gcuirtear le chéile sraith focal atá ar aon chiall, nó gar do bheith ar aon chiall, m.sh. No one can force, compel, or browbeat you into a decision.

‘To progress, develop and work on this policy.’


Castacht shéimeantachCuir in Eagar

Bíonn castacht shéimeantach ann nuair is deacair focal/leagan simplí sa teanga fhoinseach a aistriú isteach sa sprioctheanga gan dul i muinín roinnt focal/leaganacha chun an chiall a iomlánú. I gcás audience mar shampla, d’fhéadfadh ‘lucht féachana’, ‘lucht éisteachta’ nó fiú ‘lucht léitheoireachta’ bheith i gceist, ag brath ar an gcomhthéacs.


CoibhéisCuir in Eagar

Comhionannas nó inmhalartacht idir focail/nathanna.

Béarla: Equivalence.


CoibhéiseachCuir in Eagar

A bheith comhionann nó inmhalartaithe. Tá coibhéis fhoirfe idir ‘scáileán’ agus screen, cuir i gcás nó idir ‘bósón’ agus ‘boson’.


Coincheap neamhléacsaitheCuir in Eagar

Coincheap is féidir a chur in iúl le focal/leagan sa teanga fhoinseach ach nach bhfuil aon fhocal cumtha air sa sprioctheanga fós. Is sa téarmaíocht is mó a thagann an fhadhb aistriúcháin seo aníos.

Béarla: non-lexicalized concept.


Coincheap sainchultúrthaCuir in Eagar

Coincheap nach féidir (nó ar deacair) é a chur i bhfriotal sa sprioctheanga. Is minic a aistrítear le parafrása é, m.sh. ‘fáinne’ / ring-shaped badge worn by those wishing to be identified as Irish-speakers, nó 'Gaeltacht' Irish-speaking district.


ComhainmCuir in Eagar

Comhainmneacha is ea focail a litrítear mar a chéile ach a bhfuil ciall agus sanas ar leith acu, m.sh. ‘fraoch’ = heather agus ‘fraoch’ = fury. Sampla ná an focal 'eo' a chiallaíonn 'bradán' m.sh Maigh Eo agus 'eo' a chiallaíonn 'an t-iúr'.

Béarla: homonym.


ComhaonadCuir in Eagar

Focail a úsáidtear i gcomhluadar a chéile de thoradh úsáide agus gnáthaimh, m.sh. teipeann glan ar rudaí, bíonn fearadh na fáilte roimh dhaoine. Déanann ‘glan’ comhaonad le ‘teip’ agus déanann ‘fearadh’ comhaonad le ‘fáilte’. Sampla eile is ea ‘cianta’ agus ‘cairbreacha’, ní hannamh do na cianta a bheith cairbreach.


ComhchiallachCuir in Eagar

Comhciallach is ea focal atá ar aon chiall, nó beagnach ar aon chiall, le focal eile, m.sh. ‘fanacht’ agus ‘feitheamh’ nó 'cabhair' is 'cuidiú'.


ComhchiallachasCuir in Eagar

Ionannas nó gaireacht céille idir focail éagsúla.

Béarla: synonymy.


ComhéifeachtCuir in Eagar

Féach Prionsabal na comhéifeachta.


CómhinicíochtCuir in Eagar

Féach Prionsabal na cómhinicíochta.


ComhréirCuir in Eagar

Eagar, nó leagan amach, na bhfocal agus na moirféimeanna in abairt nó in aonad teanga.

Béarla: syntax.


CothromúCuir in Eagar

Teicníc a úsáidtear san aistriúchán dílis agus go mór mór sa saoraistriúchán. Déantar an téacs foinseach a mhionathrú chun freastal ar choinbhinsiúin na sprioctheanga. Féach, mar shampla, Understanding consumer behaviour / ‘Iompar Tomhaltóirí a Thuiscint’ (seachas ‘Ag Tuiscint Iompar Tomhaltóirí’). Sampla eile ná ‘Siopa na mBróg’ a chur ar ‘The Shoe Shop’ cé go mbeadh ‘An Siopa Bróg’ ceart ó thaobh na gramadaí. Is dúchasaí an tógáil eile.

An chritic aistriúcháinCuir in Eagar

Léirmheastóireacht ar théacsanna aistrithe, féachaint cén feabhas atá iontu mar aistriúcháin agus mar théacsanna sprioctheanga.

DébhríochCuir in Eagar

Débhríoch atá gach focal nó leagan a d’fhéadfaí a thuiscint ar níos mó ná slí amháin, m.sh. ‘an Garda fiosraithe’. An é go bhfuil fiosrú á dhéanamh ag an nGarda nó an é go ndearnadh fiosrú ar an nGarda?

Débhríocht chomhréireCuir in Eagar

Athbhrí nó doiléire a eascraíonn as leagan amach na habairte, m.sh. If the baby does not thrive on raw milk, boil it. Sampla coitianta sa Ghaeilge is ea leithéidí 'An cat a d'ith an madra' Ní léir cé acu a rinne an cenan eile a ithe. D'fhéadfaí a leasú 'D'ith an cat an madra'.


Débhríocht léacsachCuir in Eagar

Athbhrí nó doiléire a eascraíonn as na focail féin, m.sh. ‘Comhairleoir maith a bhí ann’ (adviser nó councillor?) Sa sampla 'Bhí sé in uachtar', ní léir cé acu chun tosaigh nó clúdaithe le huachtar bainne a bhí an duine.

Forluí séimeantachCuir in Eagar

Bíonn forluí séimeantach ann nuair a chuimsíonn focal i dteanga amháin ciall, nó cuid de chiall, dhá fhocal nó níos mó i dteanga eile. Tá forluí séimeantach idir ‘gorm’ na Gaeilge agus blue, green agus black an Bhéarla, mar shampla.


Friotal iomarcachCuir in Eagar

Focail nó nathanna nach bhfuil aon fheidhm chumarsáide leo.

Béarla: redundant speech.


HipainmCuir in Eagar

Focal sainiúil a chuimsítear i bhfocal níos ginearálta. Cuir i gcás, is hipainmneacha den réimse séimeantach FEITHICLÍ iad ‘bus’ agus ‘carr’. Is hipainmneacha den réimse séimeantach ÉAN iad ‘caróg’ agus ‘ceann cait’.

Béarla: hyponym.


An hipitéis mhíniúcháinCuir in Eagar

Toisc go mbíonn dualgas ar aistritheoirí ciall an bhuntéacs a thabhairt slán san aistriúchán, bíonn claonadh ann gach uile rud a bheadh ina údar míthuisceana nó doiléire a mhíniú go mion, m.sh. parafrása fada a úsáid in áit téarma, ar eagla nach dtuigfear an téarma. Cuir i gcás, ‘ábhair a chóipeáil ón nGréasán chun do ríomhaire féin’ in áit ‘íoslódáil’. Sampla ná 'Gaeltacht' a aistriú mar 'Irish-language district' i gcáipéis stáit a dtuigfeadh an dream ar fad a bheadh ag plé leis a bhfuil i gceist le 'Gaeltacht'.

Béarla: The explication hypothesis.


IdióileictCuir in Eagar

Féach Canúint aonair.


Idirdhealú céilleCuir in Eagar

Ní hionann mar a chuirtear miondifríochtaí céille in iúl ó theanga go chéile. I mBéarla, mar shampla, grádaítear teocht uisce idir hot, warm agus lukewarm. Is deacair do lucht na Gaeilge an t-idirdhealú céille idir hot agus warm a dhéanamh, ach ‘te’ a úsáid sa dá chás.


IlchiallachCuir in Eagar

Focal amháin a bhfuil cialla éagsúla leis. Bíonn na cialla sin gaolta dá chéile, mar atá i gcás ‘bonn’ sna habairtí seo a leanas: 1. 'bonn' = coin. Níl bonn fágtha agam 2. bonn = medal. Bhuaigh sí bonn.


IlchiallachasCuir in Eagar

Cialla éagsúla a bheith in aon fhocal amháin agus na cialla sin a bheith gaolta dá chéile.

Béarla: polysemy.

Leagan malartachCuir in Eagar

Ceann ar bith de na leaganacha a thugtar in Foclóir Gaeilge–Béarla le crostagairt don leagan caighdeánach, m.sh. blogam = BOLGAM. Is é ‘blogam’ an leagan malartach. Sampla eile den mheiteatéis is ea 'coisméig' arb é 'coiscéim' an bunleagan.


LogánúCuir in Eagar

Earra nó táirge (go háirithe clár ríomhaireachta) a aistriú nó a oiriúnú le haghaidh limistéir nó pobal teanga ar leith.

MeafarCuir in Eagar

Cleas reitrice ina ndéantar rud amháin a ionannú le rud eile chun cosúlachtaí eatarthu a léiriú, m.sh. ‘crann mná’ i.e. bean atá chomh mór/láidir le crann.

Meafar bunaitheCuir in Eagar

Meafar atá in úsáid le tamall anuas. Is minic gur béarlagair lucht ceirde nó gairme a bhíonn ann, m.sh. genetic engineering , is é sin géinte a shaothrú mar a shaothródh innealtóir meicníocht éigin.

Meafar reoiteCuir in Eagar

Meafar atá chomh seanbhunaithe sin nach n-aithnítear mar mheafar é níos mó. Bíonn an chiall mheafarach níos treise ná an ghnáthchiall shéimeantach, m.sh. ‘fadhb’. Knot an chiall shéimeantach atá leis ach is problem is mó a thuigtear as na laethanta seo.


Meafar uathúilCuir in Eagar

Meafar úrnua a chruthaigh údar ar leith.

Béarla: unique metaphor.


MoirféimCuir in Eagar

Mír urlabhra a bhfuil feidhm chéille nó ghramadaí léi agus nach féidir a bhriseadh síos nó a úsáid go haonarach. An t-aonad gramadaí is lú dá mbíonn ann a bhfuil ciall leis. Murab ionann agus focal níor ghá go bhféadfadh moirféim seasamh léi féin. Mar shampla, na foircinn 'ín' agus 'án' 'tigín', 'maolán'.

Nath foirmleachCuir in Eagar

Leagan ar bith sa téacs foinseach a bhfuil aistriúchán seanbhunaithe ag freagairt dó sa sprioctheanga, m.sh. No later than Friday / ‘Tráth nach déanaí ná Dé hAoine’. Nó 'Made in Ireland' 'Éire tír a dhéanta'.

NeamhchoibhéisCuir in Eagar

Bíonn neamhchoibhéis ann nuair nach féidir focal/leagan coibhéiseach a aimsiú sa sprioctheanga, m.sh. níl leaganacha Gaeilge ann atá coibhéiseach le téarmaí cruicéid mar 'fine square leg' agus 'silly mid-on'.

NodCuir in Eagar

Comhartha a thugtar i bhfoclóirí agus i liostaí téarmaíochta mar gheall ar an réimse saoil ina n-úsáidtear focal ar leith, m.sh. (Mil.) = Military, (Phil.) = Philosophy. (Pol.) = polaitíocht.

ParafrásaCuir in Eagar

Focal/leagan amháin a aistriú le sainmhíniú sa sprioctheanga, m.sh. screenplay = script agus treoracha i gcomhair scannáin. Sampla eile ná 'clár féachana an ríomhaire' a thabhairt ar 'scáileán'.

Prionsabal na comhéifeachtaCuir in Eagar

Prionsabal a cheap an t-aistritheoir Meiriceánach Eugene A. Nida (1914–2011). Nuair nach féidir aistriúchán dílis a sholáthar nó focal/leagan coibhéiseach a aimsiú sa sprioctheanga, ba chóir aistriúchán a sholáthar a théann i bhfeidhm ar an léitheoir sa chaoi chéanna a dtéann an buntéacs i bhfeidhm ar léitheoirí na teanga foinsí.

Prionsabal na cómhinicíochtaCuir in Eagar

Prionsabal a cheap an teoiricí Sasanach Peter Newmark. Ba cheart go mbeadh cómhinicíocht idir an focal/nath sa teanga fhoinseach agus an focal/nath a roghnaítear mar aistriúchán air. Más love atá le haistriú b’fhearr an focal coitianta ‘grá’ a úsáid seachas ‘cumann’ nó ‘ansacht’. Admhaíonn Newmark nach i gcónaí is féidir cloí leis an bprionsabal seo. Sampla eile ná 'rothar' a úsáid mar leagan ar 'bicycle' in áit 'badhsacail', 'baidhsilic' nó 'rothaidhe na glincidheachta'.

Béarla: frequency principle.

RéimCuir in Eagar

(1) An fhoirm den teanga a úsáideann aicme shóisialta ar leith, pobal limistéir ar leith, lucht ceirde nó gairme ar leith. (2) Leibhéal foirmiúlachta teanga ó ‘íseal’ (m.sh. canúint réigiúnach, caint ghraosta) go dtí ‘ard’ (m.sh. friotal fileata, caighdeán náisiúnta). Tá réim ard ar leith den Ghaeilge in úsáid i Rannóg an Aistriúcháin a bhfuil gnéithe de Ghaeilge an Chéitinnigh 'Achtaítear ag an Oireachtas mar seo a leanas' inti.

Béarla: register.

Réimse dioscúrsaCuir in Eagar

Gné den réim. An comhthéacs sóisialta ina bhfuil an dioscúrsa ar siúl, m.sh. úsáidtear ‘dul faoi scian’ sa ghnáthchaint ach seans go n-úsáidfeadh dochtúir focal mar ‘obráid’. Sampla eile an chaoi a mbaintear úsáid as 'an bád bán' nuair atáthar ag trácht i réim níos ísle ar choincheap na heisimirce.

Réimse séimeantachCuir in Eagar

Catagóirí ginearálta ina rangaítear focail a bhaineann le réimse saoil ar leith, m.sh. MOTHÚCHÁIN, CAINT. Roinntear na réimsí seo i gcatagóirí níos sainiúla ar a dtugtar tacair shéimeantacha.

Réimse úsáideCuir in Eagar

An réimse saoil ina n-úsáidtear focail ar leith, m.sh. is é ‘aothú’ an téarma coibhéiseach a fhreagraíonn do emergency i gcomhthéacs míochaine agus is é ‘géarchéim’ an téarma coibhéiseach i gcomhthéacs na heacnamaíochta agus na polaitíochta. Sampla eile ná 'tine' a thagraíonn do thine bheag go hiondúil agus 'dóiteán' a thagraíonn do thinte ollmhóra a shlogfadh teach agus a mbeadh ar bhriogáid dóiteáin ag dul i ngleic leis.

RócheartúCuir in Eagar

Bíonn rócheartú ann nuair a dhéanann cainteoir é féin a ‘mhícheartú’ trí mhíthuiscint ar rialacha nó ar choinbhinsiúin teanga. Roghnaíonn sé leagan lochtach éigin toisc é a bheith in amhras faoi cé chomh cruinn is atá a leagan féin. Mar shampla duine a d'éireodh as 'Dia dhuit' a rá agus 'Dia duit' a chur ina áit.

Béarla: hypercorrection.

SaintreorachCuir in Eagar

Ag iarraidh an córas teanga a leasú nó ag déanamh moltaí faoi conas ba chóir dó a bheith.

Béarla: prescriptive.

SanasCuir in Eagar

Foinse nó bunús focail. Staidéar ar fhoinse nó bunús focail. Tá sanas Lochlannach le sraith d'fhocail sa Ghaeilge amhail bladar, ciotóg, cnaipe, coire, crapadh, cró (= bothán), dorú, fuinneog, iarla, lochta, meirge (= bratach), péatar, pingin, póca, pónair, práinn, punnann, ransú, rún, scaltán, scilligeadh, sciorta, scológ, scór, scréach, stáca, stiúir, stuaic, tráill, úir.

Béarla: etymology.

SaoraistriúchánCuir in Eagar

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar tús áite don chumarsáid éifeachtach sa sprioctheanga fiú más gá imeacht a bheagán nó a mhórán ó chiall agus ó fhoirm an téacs fhoinsigh. Cleachtann Paul Muldoon an saoraistriúchán agus é ag obair ar leaganacha de dhánta Nuala Ní Dhomhnaill. Sliocht sa dá theanga thíos as 'Mo Mháistir Dorcha'.

Táimse in aimsir ag an mBás, eadrainn tá coinníollacha tarraichthe. Réitíomair le chéile are feadh tréimhse is spás aimsire, achar roinnt bliana is lae mar a cheapas-sa.

I’ve gone and hired myself out, I’ve hired myself out to

    Death.

We drew up a contract and set the seal on it by spitting in our palms. I would go with him to

    Lateeve

for a year and a day—at least, that was the deal


An tséimeantaicCuir in Eagar

Brainse den teangeolaíocht a dhíríonn ar chiall focal agus aonad eile teanga.

SofhriotalCuir in Eagar

Focal neodrach a úsáidtear ag tagairt do rud míthaitneamhach nó toirmiscthe, m.sh. ‘pass away’ seachas ‘die’. Mar a chéile 'D'imigh sí ar shlí na fírinnne.'

Béarla: euphemism.

SpriocthéacsCuir in Eagar

An téacs aistrithe. Tuarascáil a d'fhoilseofaí sa sprioctheanga ar deireadh mar shampla.

SprioctheangaCuir in Eagar

An teanga a bhfuil an téacs le haistriú isteach inti. I gcás aistritheoirí a bhfuil an Ghaeilge acu is minice gurb í an Ghaeilge féin an sprioctheanga.

Srianta comhaonaidCuir in Eagar

Srianta ar úsáid focal áirithe i gcomhaonaid le chéile, m.sh. úsáidtear an aidiacht ‘maslach’ sa leagan ‘obair mhaslach’ (heavy or taxing work) ach is ar éigean a déarfá ‘leabhar maslach’ ag trácht ar leabhar deacair. Sampla eile ná 'Thit an lug ar an lag aige' mar nach bhfeictear 'lug' taobh amuigh den nath calctha sin.

Tacar séimeantachCuir in Eagar

Fo-aonad den réimse séimeantach. Cuir i gcás, tá an réimse CAINT roinnte in aonaid níos sainiúla ar nós ‘BRIATHRA CAINTE (‘cogar’, ‘labhairt’ srl). Sampla eile ná an réimse CRAINN atá roinnte in aonaid níos sainiúla ar nós 'PÁIRTEANNA DEN CHRANN' (‘géag’, ‘stoc’ srl) is mar sin de.

Téacs faisnéiseachCuir in Eagar

Téacs a bhfuil sé de phríomhchuspóir aige eolas a chur i láthair an léitheora, m.sh. tuarascáil bhliantúil, doiciméad beartais, bileog eolais.

Téacs foinseachCuir in Eagar

An téacs atá le haistriú. I gcás aistritheoirí a bhfuil an Ghaeilge acu is minice gur téacs Béarla atá le haistriú.

Téacs gairmeachCuir in Eagar

Téacs atá dírithe ar an léitheoir agus a dhéanann cumarsáid dhíreach leis, ag tathant air gníomh éigin a dhéanamh, m.sh. vóta a chaitheamh ar son polaiteora áirithe, earraí a cheannach, gan leictreachas a chur amú, salachar madraí a ghlanadh.

Téacs léiritheachCuir in Eagar

Téacs ina léirítear meon agus stíl phearsanta an scríbhneora, m.sh. litríocht chruthaitheach, script teilifíse. Sampla eile ná colún tuairimíochta Alan Titley ar an Irish Times.

Teanga fhoinseachCuir in Eagar

Teanga an téacs atá le haistriú. Is é an Béarla teanga fhoinseach fhormhór na dtéacsanna a aistrítear go Gaeilge. I gcás na dteangacha mionlaithe is iondúil gur mórtheanga áitiúil an teanga fhoinseach de ghnáth.

An teangeolaíocht chomparáideachCuir in Eagar

Staidéar comparáideach idir péire (nó níos mó) teangacha, féachaint cad iad na cosúlachtaí agus na difríochtaí eatarthu.

Téarma béarlagairCuir in Eagar

Téarma a imíonn ó shainréimse amháin go sainréimse eile (seachas dul díreach isteach sa ghnáthchaint), m.sh. icon, a bhain leis an ealaín chráifeach agus atá anois in úsáid sa ríomhaireacht. Sa Bhéarla, mar shampla, bhain an focal icon leis an ealaín, agus leis an ealaín chráifeach go sonrach. Tá icon á úsáid sa chomhthéacs sin fós, ach roghnaigh lucht ríomhaireachta é chun rud eile ar fad a chomharthú: ‘Siombail ghrafach ar chomhéadan an úsáideora, a sheasann do chlár, do shraith treoracha, do chomhadlann, srl.’ D’fhéadfaí téarma béarlagair a thabhairt ar a leithéid sin. Is léir go bhfuil icon á úsáid go meafarach, ach is téarma é mar sin féin. Caithfear téarma Gaeilge a aimsiú ag freagairt dó, murab ionann agus parafrása.

TrasnáilCuir in Eagar

Bíonn trasnáil ann nuair a chuirtear an sprioctheanga as a riocht de bharr thionchar na teanga foinsí, m.sh. ‘Ní hé sin mo chupán tae’ in áit ‘Ní hé sin an cineál ruda a thaitníonn liomsa.’ Sampla is ea abairt lochtach ar nós 'Tháinig sé as an ngorm' in áit 'Tháinig sé gan choinne'.

Trasuíomh gramadaíCuir in Eagar

Malartú struchtúr gramadaí le linn an aistriúcháin, m.sh. a wooden house / ‘teach adhmaid’. Alt éiginnte & aidiacht & ainmfhocal atá sa Bhéarla. Dhá ainmfhocal atá sa Ghaeilge, agus an dara ceann sa ghinideach.

TrouvailleCuir in Eagar

Focal Fraincise a chiallaíonn lucky findan ingenious idea. Úsáidtear san aistriúchán é ag tagairt do na seifteanna a aimsíonn aistritheoirí chun fadhbanna aistriúcháin a réiteach.

TuairisciúilCuir in Eagar

Ag cur síos ar an gcóras teanga mar atá sé, seachas treoir a thabhairt faoi conas ba chóir dó bheith.

Béarla: descriptive.