An Páipéar (nuachtán)
Seoladh an nuachtán, An Páipéar, ag Oireachtas na Samhna 2024.[1][2][3]
An chéad eagrán, a foilsíodh ar an 1 Samhain 2024 | |
Cineál | nuachtán seachtainiúil |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1 Samhain 2024 |
Áit a fhoilsithe | Ráth Chairn |
Stair
cuir in eagarD'fhógair Gaelmheáin Teoranta i mí Dheireadh Fómhair go raibh an comhlacht ar tí “an chéad nuachtán clóite Gaeilge ó cuireadh deireadh le Gaelscéal” a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil gach Aoine ón 1 Samhain 2024.
Ba é Eoghan Ó Néill a sheol an nuachtán nua ar an 1 Samhain 2024[4] agus bhí cóipeanna den chéad eagrán ar fáil ag Oireachtas na Samhna 2024. Scríobh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn an chéad alt sa nuachtán.[5]
Dáileadh agus maoiniú
cuir in eagarAr dtús, bhí an nuachtán ar díol i 300 siopa “ar fud na tíre” ar €3 (nó £2.50 sa Tuaisceart). Dúirt an tEagarthóir Caoimhín Ó Cadhla gurb é “aidhm Ghaelmheáin Teoranta go mbeidh an nuachtán ar fáil i ngach siopa sa tír”.[5]
Bhí síntiúis éagsúla ar fáil:
- eagrán clóite, €10.63 (£8.86)/mí (nó €128 (£107)/bliain);
- eagrán digiteach, €5.70 (£4.75)/mí (nó €68 (£57)/bliain)'
- eagrán clóite agus digiteach, €14.45 (£12.04)/mí (nó €170 (£142)/bliain).
Níl aon mhaoiniú Stáit ag An Páipéar. Níl a fhios an bhfuil foinse ioncaim eile ann.
Ábhar
cuir in eagarLeagan amach táblóideach atá ar An Páipéar agus é lándaite. I ngach eagrán (sé leathanach déag in 2024), tá rannóga nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta le fáil, tuairimíocht, ‘comhfhreagras’ (litreacha ó na léitheoirí), eagarfhocal, clár imeachtaí Gaeilge, léirmheasanna ar leabhar agus féile, rannóg oideachais, alt faoin mbéaloideas, sceidil teilifíse agus raidió, puzail, agus tuairiscí spóirt.[5]
Luaigh Síle Ní Choncheanainn ar Thús Áite (Raidió na Gaeltachta)[6] gur shíl sí An Páipéar a bheith claonta.[7] I measc na gcomhfhreagraithe, tá Cathal Ó Murchú (Sinn Féin)[8][9] agus Eoin Ó Murchú (ar son na Rúise srl).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Gaelmheáin Teoranta (2024). "anpáipéar.ie". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Dé hAoine || An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-11-01.
- ↑ Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 03 Samhain 2024.
- ↑ Gaelmheáin (1ú Samhain). "Nuachtán nua Gaelach le seoladh ag an Oireachtas" (as Gaeilge) An Páipéar (Uimhir 1).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua seolta ag Oireachtas na Samhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-02.
- ↑ Síle Ní Choncheanainn (2024-11-06). "Tús Áite: Mír na Meán" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Smaointe Fánacha Aonghusa (6 Samhain 2024). "An Páipéar". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Issuu (2017-07-01). "Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017" (ga-IE). issuu.com. Dáta rochtana: 2024-11-23.
- ↑ Cathal Ó Murchú ar Facebook. "CathalOMurchuSinnFein". Dáta rochtana: 2024.