ExtraG.ie

nuachtán Gaeilge ar líne

Is suíomh Gaeilge nuachta é ExtraG.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bhí an tseirbhís seolta ag DMG Media, comhlacht príobháideach, ar leo Extra.ie, ar 5 Nollaig 2022.[1][2]

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinExtraG.ie
URLhttps://extrag.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálnuachtán ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2022 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Ábhar cuir in eagar

Tá ailt nuachta, siamsaíochta, agus spóirt á bhfoilsiú ar an ardán. Is "aistriúcháin ar na hailt Bhéarla atá ar fáil ar Extra.ie atá i bhformhór mhór na n-alt Gaeilge" ar ExtraG.ie. Bíonn na scéalta i" nGaeilge shimplí" (míchruinn go minic) agus cúpla focal Béarla idir lúibíní do dhaoine nach dtuigeann gach focal, agus "dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge scoile acu”.[3]

Is iad Garett Murphy, príomheagarthóir Extra.ie, agus Joe Breathnach, eagarthóir le DMG agus láithreoir ar Raidió na Life, atá i mbun an tsuímh.[3]

Cáineadh cuir in eagar

Ar 5 Nollaig 2022, "Ar seoladh an tsuímh ... dúirt Joe Breathnach: Tá an-áthas orm... ag tabhairt an nuacht is déanaí, i nGaeilge shimplí, dúinn siúd a bhfuil grá againn don teanga agus a bhfuil fuath againn don ngramadach. Mar sin más fearr leat Mo Salah ná an Modh Coinníollach, bíonn ExtraG.ie beo...".[1]

Déanann ExtraG.ie cóipeáil agus greamú uaireanta, focal ar fhocal, gan tagairt (mar shampla, ar 6 Feabhra 2023, Nuacht RTÉ[4] agus ExtraG.ie[5]).

I gcásanna eile, tá Gaeilge bhacach ann (comhréir, comhréiteach, litriú, béarlachas, srl).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 politics.ie (5 Nollaig 2022). "Todhchaí na meain Gaeilge / Sheol DMG Media inniu an chraobh is nuaí dá phunann de bhrandaí meán digiteach, ExtraG.ie, suíomh nua nuachta, siamsaíochta agus spóirt i nGaeilge." (ga-IE). Politics.ie. Dáta rochtana: 2023-02-08.
  2. "New Irish Language Website Launched By Extra.ie" (en-GB) (2022-12-05). Dáta rochtana: 2023-02-08.
  3. 3.0 3.1 Maitiú Ó Coimín (7 Nollaig 2022). "Suíomh nuachta i nGaeilge ‘shimplí’ seolta ag Extra" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-10.
  4. Nuacht RTÉ (2023-02-06). "Iar-Aire Oideachais Niamh Bhreathnach tar éis bháis" (as ga-IE). 
  5. ExtraG.ie (2023-02-08). "Ómós tugtha ag Uachtarán d'iar-aire Bhreathnach atá básaithe". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-08. Dáta rochtana: 2023-02-08.

Naisc sheachtracha cuir in eagar