Gaelscéal
Ba nuachtán Gaeilge seachtainiúil é Gaelscéal a bhíodh á eisiúint ar an Aoine idir 2009 agus 2013. Bhíodh sé á fhoilsiú ag Torann na dTonn Teoranta, ar comhfhiontar idir Eo Teilifís (comhlacht léiriúcháin) agus "An Curadh Connachtach" (nuachtán) é.
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 26 Márta 2010 |
Tréith | |
Eagarthóir | Ciarán Dunbar |
Nuachtán ildathach táblóideach 32 leathanach a bhí ann, a cuireadh ar fáil ar fud oileán na hÉireann. Cuireadh an nuachtán ar fáil i bhfoirm chlóite agus mar fhoilseachán leictreonach ar an suíomh gréasáin chomh maith. €1.65 (nó £1.50 i dTuaisceart Éireann) an praghas a bhí air. Ba é Ciarán Dunbar eagarthóir an Nuachtáin.
Stair agus cúlra an nuachtáin
cuir in eagarNuair a tháinig deireadh le Foinse mar nuachtán neamhspleách Gaeilge i Meitheamh 2009, d'fhógair Foras na Gaeilge go mbeadh conradh nua ar tairiscint le haghaidh nuachtán náisiúnta seachtainiúil Gaeilge.[1] Fógraíodh ar 20 Samhain 2009 gur bronnadh conradh agus maoiniú nua ar Torann na dTonn Teoranta chuige sin.[2]
Tugadh le fios go mbeadh an t-ainm 'Gaelscéal' ar an bhfiontar nua agus eisíodh an nuachtán nua den chéad uair ar 26 Márta 2010.
Bás
cuir in eagarSaol gearr a bhí ag Gaelscéal, trí bliana a bheag nó a mhór.Tháinig deireadh le maoiniú Fhoras na Gaeilge don nuachtán agus don nuachtán féin i Márta na bliana 2013.
Cuireadh deireadh leis nuair a shocraigh Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a cuireadh ar fáil dó. Droch-dhíolacháin an chúis a luaigh an Foras lena gcinneadh. Ach bhí an mhéad cóipeanna a dhíol Gaelscéal sé inchurtha leis na nuachtáin eile a cuireadh amach sa teanga roimhe. "Ní raibh pobal na Gaeilge i gcoitinne ag iarraidh Gaelscéal a cheannach, ba chuma leo é a bheith ann nó as", a scríobh Ciarán Dunbar.[3]
Stíl agus cur chuige
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Cartlann Caoimhín Ó Scanaill anseo
- Gaelscéal ar Facebook
- Físeáin de sheoladh oifigiúil Gaelscéal: ní raibh ach 287 amharc anseo Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine (dúnta anois) agus 263 amharc anseo [4](Youtube)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ http://www.rte.ie/news/2009/0625/foinse.html
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-24. Dáta rochtana: 2010-03-29.
- ↑ "Gaelscéal: “Ag Cothú Phobal na Gaeilge”". cadhan.com. Dáta rochtana: 2019-05-01.
- ↑ nuacht24 (2010-04-19). "Seoladh Gaelscéal".
Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |