Caoimhín Ó Scanaill

ollamh Meiriceánach

Is ollamh agus teangeolaí Meiriceánach é Caoimhín Ó Scanaill (Béarla: Kevin P. Scannell). Ollamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis atá ann a raibh lámh aige i gcruthú go leor uirlisí digiteacha Gaeilge.

Caoimhín Ó Scanaill
Kevin Scannell.jpg
Saol
Eolas breithe Bostún, Bealtaine 11, 1970(51 bliain d’aois)
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais Béarla Meiriceánach
Oideachas
Alma mater Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts
Ollscoil California, Los Angeles
Leibhéal oideachais céim dochtúireachta
Tráchtas Flat Conformal Structures and Causality in de Sitter Manifolds
Stiúrthóir tráchtais Geoffrey Mess
Mic léinn dochtúireachta Philip C. Huling
Teangacha Béarla Meiriceánach
An Ghaeilge
Gairm
Gairm ollamh, múinteoir ollscoile agus Vicipéideoir
Áit oibre St. Louis
Fostóirí Ollscoil Rice  (1996 -  1998)
Ollscoil Saint Louis  (1998 -
Duais
cs.slu.edu…, cadhan.com agus cadhan.com…

SaolCuir in Eagar

Is Meiriceánach é an Scanallach, a rugadh i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1970, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit ar bronnadh BS air sa bhliain 1991. Fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa mhatamaitic chomh maith).

Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas, sular thug sé faoi St. Louis sa bhliain 1998. Chaith sé bliain ar Fullbright in Éirinn ag plé le teicneolaíocht don Ghaeilge.

Thosaigh an Scanallach ag foghlaim na Gaeilge sna 1990idí. Go gairid tar éis sin, thosaigh sé ag obair ar bhogearraí éagsúla a chabhródh le foghlaimeoirí eile agus le cainteoirí dúchais an teanga a úsáid ar an ríomhaire. Ba é an litreoir GaelSpell an chéad acmhainn ríomhaireachta don teanga a rinne sé, agus foilsíodh an chéad leagan sa bhliain 2000.

Bhunaigh sé Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An cuspóir atá acu ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar