Tír an Fhia

baile fearainn i gContae na Gaillimhe (Garmna)

Baile beag is ea Tír an Fhia[1] atá suite in oileán Gharmna, in iardheisceart Chonamara, thart ar shé mhíle is tríocha ó Chathair na Gaillimhe. Is baile fearainn beag ciúin é freisin, atá míle agus ceathrú ar fhad agus timpeall leathmhíle ar leithead.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTír an Fhia

Suíomh
Map
 53°15′02″N 9°39′21″W / 53.250437°N 9.655919°W / 53.250437; -9.655919
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe
Toghroinn cheantairGarmna Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie20735

Tá an baile é féin ag síneadh le cuan foscúil ar a dtugtar Cuan an Fhir Mhóir. Tá an talamh san áit clochach agus tá portaigh agus go leor sléibhte sa gceantar freisin. Fásann gach cineál bláth san áit agus tá radharcanna áille le feiceáil thart timpeall. Tá an talamh roinnte suas ina phíosaí caola fada, ag síneadh síos go cladach. Ní baile mór tionsclaíoch é Tír an Fhia agus braitheann an chuid is mó de na daoine ar an iascaireacht mar shlí bheatha, ach caithfear a rá go bhfuil seo ag athrú go sciobtha. Tá eastát tionsclaíoch ann, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú. Is comhlachtaí beaga go leor acu sin, áfach, nach bhfuil ach lear beag daoine ag obair iontu. Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta. Tá siopa amháin sa mbaile ar a dtugtar Tí Joe Mhic an Iomaire. Mar aon leis sin, tá séipéal ann darb ainm Séipéal Naomh Muire gan Smál agus scoil náisiúnta Thír an Fhia, a bhfuil suas le céad tríocha gasúr ag freastal uirthi. Reáchtáiltear chuile chineál imeachta i Halla Spóirt na scoile, ó champaí peile go club óige. Mar gheall go bhfuil muid ar an gcósta, tá go leor céibheanna beaga scoite timpeall, chomh maith le trá álainn ar a dtugtar an Trá Mhóir. Sa samhradh, bíonn Tír an Fhia cosúil le baile mór leis an méid cuairteoirí a bhíonn san áit. Freisin, mar gheall go bhfuil sé lonnaithe i gceantar Gaeltachta, tagann Gaeilgeoirí ó chuile chearn den tír chugainn ag foghlaim ár dteanga álainn.

Tagairtí cuir in eagar