Máire Ní Ghuairim
Múinteoir, scríbhneoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Máire Ní Ghuairim (6 Iúil 1896 – 15 Deireadh Fómhair 1964).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Iúil 1896 |
Bás | 15 Deireadh Fómhair 1964 68 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar, amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Siblín | Sorcha Ní Ghuairim |
Rugadh i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe í, an iníon ba shine le Máirtín Gorham agus Catherine de Búrca. Ba í Sorcha Ní Ghuairim a deirfiúr níos óige.[1] Fuair sí a cuid oideachais go háitiúil, sa Chlochán agus i dTuaim, ansin bhog sí go Baile Átha Cliath chun Gaeilge a mhúineadh i gcoláiste oiliúna múinteoirí Carysfort sa Charraig Dhubh. Le linn di a bheith ina cónaí i mBaile Átha Cliath, bhí sí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge, ag dul isteach i gConradh na Gaeilge agus i gComhairle an Fháinne thart ar 1924.
Ó 1919 i leith, d’fhoilsigh sí scéalta agus aistí i bhfoilseacháin ar nós Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An t-Éireannach, An Scuab, agus An Chearnóg. Bhí sí ag craoladh mar amhránaí ar 2RN agus ar Raidió Éireann, agus thaifead sí cúrsa Gaeilge do Linguaphone.
Phós sí Seán Mac Bradaigh, TD, ar 12 Meán Fómhair 1929, agus bhí beirt iníonacha agus beirt mhac acu.[1] Fuair sí bás ina teach féin i Raghnallach sa bhliain 1964.