An tÉireannach (iris)

nuachtán seachtainiúil 1934-1937

B'é An tÉireannach an chéad nuachtán seachtainiúil i stair iriseoireachta na Gaeilge, agus é á fhoilsiú sna blianta 1934 go 1937. Bhí blas áirithe den eite chlé ar pholasaí eagarthóireachta na Gaeilge, rud a d'fhág nach raibh sé ag taithneamh le cách i saol na Gaeilge.

Infotaula de publicacions periòdiquesAn tÉireannach
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1934 Cuir in eagar ar Wikidata

Thairis sin, bhí sé ag díriú ar mhuintir na Gaeltachta thar aon dream eile, rud a chaill an páipéar sa deireadh thiar, ó nach raibh airgead ach ag an gcorrdhuine acu san am sin le nuachtán a cheannach. Mar sin, bhí an nuachtán i dtuilleamaí deontais oifigiúla, agus nuair a thráigh an tobar sin, b'éigean deireadh a chur leis.

Bhí an tÉireannach ina ábhar conspóide ina dhiaidh sin féin ar chúiseanna polaitiúla agus seicteacha, ós rud é gur Protastúnach a bhí sa phríomheagarthóir, Seán Beaumont. Mar sin, b'é an fhírinne oifigiúil ar feadh i bhfad gurbh é "Inniu" an chéad seachtanán Gaeilge riamh.

Níor tháinig scéal an Éireannaigh ar ais i mbéal lucht na Gaeilge roimh an mbliain 1993, nuair a d'fhoilsigh Éamon Ó Ciosáin leabhar faoi. Níor choinnigh ach muintir na Gaeltachta cuimhne air, nó bhí an-ráchairt ar an bpáipéar ina measc a fhad is a mhair sé.

Tagairtí cuir in eagar