2RN (stáisiún raidió RTÉ)

Bunaíodh an chéad stáisiún raidió, 2RN, seirbhís raidió na hÉireann, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1926. Chuir Dubhghlas de hÍde tús le 2RN go poiblí ar an 1 Eanáir 1926. .[1][2][3][4][5]

Bosca Sonraí Eagraíochta2RN
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1926
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1933 Cuir in eagar ar Wikidata
an tarchuradóir suite i nDún Mhic Aoidh (McKee Barracks), BÁC
Bhí 2RN suite san Ard-Oifig an Phoist, Sráid Anraí, sa bhliain 1928

1925-1926 cuir in eagar

Tharla an chéad chraoladh 2RN an 14 Samhain 1925 nuair a dúirt Seamus Clandillon, stiúrthóir an stáisiúin 2RN, 'Seo Raidió 2RN, Baile Átha Cliath ag tástáil'. Bhí an tarchuradóir suite i nDún Mhic Aoidh.

Cuireadh tús le seirbhís raidió na hÉireann ar bhun rialta ar 1 Eanáir 1926.

Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh an oíche úd, nuair a d’oscail Dubhghlas de hÍde an stáisiún ar chuireadh ón stiúrthóir Séamus de Chlanndiolúin, ar Ghaeilgeoir mór é féin.[6] Níor labhair de hÍde ach cúpla abairt Bhéarla i dtús a chuid cainte agus chuir sé clabhsúr orthu mar seo: ‘This much I have said in English for any strangers who may be listening in. Now I address my own countrymen...’. Lean sé air i nGaeilge ina dhiaidh sin, rud a chuir an conach ar roinnt éisteoirí Éireannacha nár theastaigh go dtabharfaí ‘strangers’ orthu.[6]

Ba é an breithiúnas a dhein staraí amháin ar oíche thionscnaimh na seirbhíse – le hóráid de hÍde, amhráin Ghaelacha ó de Chlanndiolúin agus a bhean agus ceol ón bparlús Victeoiriach – ná gur ‘Gaelic League night out’ a bhí ann.[6][7] Bhí an chéad oíche mealltach do mheánaicme na cathrach amháin: ‘Is beag blas a gheobhadh muintir na tuaithe ná muintir na Gaeltachta ar a leithéid de chlár’.[6]

1927 cuir in eagar

Ní raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann, áfach, in ann comhartha raidió 2RN a fháil.[8] Fuair ​​siad go leor gearán ó Chorcaigh ach go háirithe agus bunaíodh 6CK i gCorcaigh i 1927 (dúnadh é sna 1950í).

1932-1933 cuir in eagar

Bunaíodh stáisiún náisiúnta i mBaile Átha Luain i 1932, “Radio Átha Luain” agus bhí sé le fáil ar fud na tíre ar fad.[9] Dúnadh 2RN sa bhliain 1933. Athainmníodh “Radio Átha Luain” mar “Radio Éireann” sa bhliain 1937.[10]

Príomhalt: RTÉ Radio 1

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "This is Dublin Calling" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  2. John Horgan (2001). "Irish Media: A Critical History Since 1922" (as en). Psychology Press. 
  3. Paddy Clarke (1986). "Dublin calling : 2RN and the birth of Irish radio Paperback". Dáta rochtana: 2021.
  4. "2RN The Origins Of Irish Radio" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  5. irishmediahistory (2021-03-29). "The Irish Free State and the Radio Age" (en). Irish Media History. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 John Walsh (2018). "An Gael agus an raidió" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  7. NICHOLAS CAROLAN. "From 2RN to International Meta-Community: Irish National Radio and Traditional Music" (en). The Journal of Music. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  8. Raidió Teilifís Éireann. (1989). "Broadcasting guidelines for RTE personnel.". Radio Telefís Éireann. OCLC 26307208. 
  9. "Raidió Teilifís Éireann" (as en) (2020-01-09). Wikipedia. 
  10. RTÉ. "RTÉ sna 1930idí" (as en).