Fínis
Is oileán é Fínis[1] atá suite ceathrú míle amach ó chósta Roisín na Mainiach, agus ar féidir siúl amach an trá chuige nuair a bhíonn an taoide amuigh nó dul isteach ann i gcurach. Iomaire íseal talún atá ann agus é ag síneadh siar ó dheas, é míle agus ceathrú ar fad agus ceathrú míle ar leithead. Is ón bhfocal "fiodh", a chiallaíonn coill, agus "inis", a chiallaíonn oileán, a tháinig an t-ainm Fínis.
(ga) Fínis | ||||
Cineál | Oileán agus baile fearainn | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 18395 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Scainimh, Éire | |||
| ||||
Sna 1890idí, roinn Bord na gCeantar Cúng an t-oileán ina gharranta fada caola agus tógadh claíocha fada trasna an oileáin. Faoi láthair tá na garranta nochta síos go cloch beagnach, agus tá an gaineamh carntha suas in aghaidh na gclaíocha. Níl le feiceáil ach barr na gclaíocha ag gobadh aníos as dumhcha fada gainimh agus gleannta caola clochacha eatarthu.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Fínis/Finish Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.