An Chéad Chloch

Is cnuasach gearrscéalta leis an scríbhneoir Éireannach Pádraic Ó Conaire é An Chéad Chloch, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1914. Ocht ngearrscéal atá ann, cuid acu bunaithe ar eachtraí ón Tiomna Nua agus cuid eile i dtír fhicseanúil na nAibitíneach.

WD Bosca Sonraí LeabharAn Chéad Chloch
Cineálsaothar liteartha

Meastar go bhfuil An Chéad Chloch ar cheann de na leabhair is tábhachtaí sa Ghaeilge nua-aimseartha. Mar sin féin, tharraing téamaí rúndiamhra agus earótacha an leabhair conspóid nuair a eisíodh é.

Na gearrscéaltaCuir in Eagar

  1. An Chéad Chloch
  2. An Coimhthíoch a raibh aghaidh an Bháis air
  3. Teatrarc na Gaililí
  4. Baintreach an Fhíona agus a Mac
  5. Aba-Cána-Lú
  6. Cleamhnas san Oirthear
  7. Díoltas na mBan
  8. Ná Lig Sinn i gCathú