Galar daonna is ea diftéire atá cúisithe ag an bachaillín Corynebacterium diphtheriae. Galar baictéarach tógálach a d'fhéadfadh cumhdach tiubh a chruthú sa tsrón, sa scórnach nó san aer-phíobán atá ann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAn Diftéire
cuir in eagar
Cineálprimary bacterial infectious disease (en) Aistrigh, Corynebacterium infection (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíscornach nimhneach, fiabhras, barking cough (en) Aistrigh, céislínteas, cliseadh croí, peripheral neuropathy (en) Aistrigh, pseudomembrane (en) Aistrigh agus at Cuir in eagar ar Wikidata
ScrúduitheElek's test (en) Aistrigh, cultúr mhicribhitheolaíochta agus scrúdú fisiciúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilantaibheathach, tracheotomy (en) Aistrigh agus antitoxin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Pataigineas
Tarchur pataigineachtras-seoladh aeriompartha agus ionfhabhtú braoiníneach Cuir in eagar ar Wikidata
CúisCorynebacterium diphtheriae Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A36 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9032 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPR83 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB3122 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001608 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine782051, 215100, 1204017 agus 963334 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD004165 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet1679 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0012546, C0010153 agus C1301422 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:11405 Cuir in eagar ar Wikidata
PDB 1f0l EBI

Bíonn na baictéir as a n‑éiríonn diftéire le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe. Is féidir na baictéir seo a chur ar aghaidh go daoine eile go héasca eile trí bhraonacha taise a scaipeadh le casacht nó le sraothanna. Uaireanta leanann deacrachtaí slogtha, giorra anála agus plúchadh as an diftéire. Is tinneas tromchúiseach é diftéire.

Gheobhaidh duine amháin as gach 15, a bhfuil an diftéire orthu, bás dá bharr. Cruthaíonn an diftéire tocsain (nimh) chumhachtach a dhéanann dochar do bhaill agus d’fhíocháin an choirp. Uaireanta leanann aimhréidhe eile as sin, cosúil le pairilis, cliseadh croí nó bás.

Triuch (Pertussis)

Siomtóim cuir in eagar

 
Alban, 1944

De ghnáth, is é an chéad siomptóm ná scornach pianmhar agus deacracht slogtha. Tá siomptóim eile ann, cosúil le lagfhiabhras, masmas, caitheamh aníos, tinneas cinn agus buille croí tapa.

Baineann na haimhréidhe seo a leanas le diftéire:

  • Cliseadh croí
  • Pairilis
  • Dianfhadhbanna análaithe
  • Deacrachaí slogtha
  • Bás
 

Vacsaín do Dhiftéire cuir in eagar

Tá an vacsaín diftéire sábháilte.Maidir le daoine ar tugadh an vacsaín dóibh: deargaíonn agus atann an áit ar tugadh an t‑instealladh dóibh nó bíonn fiabhras ar dhuine amháin as gach deichniúr.Is annamh a bhíonn fo‑iarsmaí tromchúiseacha ag diftéire.

Tugann an vacsaín cosaint do phaistí ar an tocsain as a n‑éiríonn siomptóim an tinnis, seachas cosaint ar na baictéir féin. Mar gheall ar go dtéann an vacsaín i gcion ar an tocsain, glaotar tocsóideach air.

Tugann cúrsa iomlán den vacsaín seo cosaint mhaith do 95% de dhaoine. Is féidir leis na baictéir fanacht i scornach na ndaoine a bhfuil imdhíonadh faighte acu. Mar gheall air sin, cé go bhfuil siad féin imdhíonta, is féidir leo na baictéir a chur ar aghaidh go daoine nach bhfuil imdhíonadh acu, agus go leanaí óga.

Cosaint a fháil ar dhiftéire cuir in eagar

Is féidir cosaint a fháil ar dhiftéire trí vacsaíniú a fháil. Tugtar an vacsaín diftéire mar chuid den Chlár um Imdhíonadh do Leanaí, in éineacht leis an vacsaín diftéire, leis an vacsaín treacha, leis an vacsaín HiB, agus leis an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhaithe. Deirtear go bhfuil sé fíorthábhachtach imdhíonadh a fháil i gcoinne na diftéire mar go bhfuil cásanna diftéire ag dul i méid timpeall na cruinne toisc go bhfuil an ráta imdhíonta ag titim.

 
eipidéimeolaíocht

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar