Pádraic Óg Ó Conaire

scríbhneoir agus aistritheoir Éireannach
(Athsheolta ó Pádraig Óg Ó Conaire)

Scríbhneoir Éireannach é Pádraic Óg Ó Conaire, a rugadh i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1893 agus a fuair bás i gCuan Chasla ar an 5 Lúnasa 1971.[1]

Infotaula de personaPádraic Óg Ó Conaire
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Pádraic óg Ó Conaire Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1893
An Turlach Beag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Lúnasa 1971
78 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge Chonnacht
 

Thosaigh Ó Conaire ar an scríbhneoireacht agus é ina ógfhear agus lean sé den ealaín sin ar feadh beagnach seasca bliain: ghnóthaigh sé duais in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1913 le gearrscéal. Foilsíodh an leabhar deiridh uaidh sa bhliain 1975, tamall tar éis a bháis.

Lón léitheoireachta gan uaillmhian ardealaíonta a bhí i gceist aige lena chuid leabhar. Ach is foinse luachmhar eolais a shaothar faoin saol a chaith muintir Chonamara lena linn.

Bhain Mícheál Ó Conghaile an-úsáid as scríbhneoireacht Phádraig Óig nuair a scríobh sé a shaothar taighde faoi shaol Chonamara agus faoin gcur síos a tugadh air i litríocht an cheantair.

Rugadh Pádraic Óg Ó Conaire i Ros Muc, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1893. Fuair sé a chuid bunscolaíochta ansin agus ghnóthaigh sé scoláireacht as sin le dul go Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, an scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais.

Fuair sé teastas múinteora agus é fós ag freastal ar Scoil Éanna sa bhliain 1910. Múinteoir taistil a bhí ann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin i dTír Eoghain agus i Maigh Eo, in Uíbh Fháilí agus in áiteanna eile. Timpeall fiche bliain a chaith sé ar an obair sin.

Sa bhliain 1913 chuir Seán T. Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse.

Bhí Ó Conaire ina ollamh i gColáiste an Spidéil ar feadh naoi mbliana déag.

 
Teach Laighean

Chaith Ó Conaire seacht mbliana fichead ina aistritheoir i dTeach Laighean ó 1931 go 1958, agus bhí sé ina léitheoir nuachta do Raidió Éireann chomh maith.

Phós sé Anastasia O'Connell as Béal Átha na Muice i Maigh Eo i 1913. Ba sa bhaile sin a chónaigh sé go dtí go bhfuair sé an post mar aistritheoir i mBaile Átha Cliath. Bhí triúr mac aige, agus iníon a fuair bás go hóg.

 
Fuair Ó Conaire bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla

Fuair Ó Conaire bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla lena mhac Piaras, ar an 5 Lúnasa 1971. Cuireadh i mBéal Átha na Muice é.

I measc na leabhar a scríobh sé tá:

  • Mian a Croí, 1922
  • Solas an ghrádha, 1923
  • Cóilín Ó Cuanaigh, 1923
  • Anam an Pháiste, 1924
  • Cara an Mhic Léighinn, 1924
  • Seoid ón Iarthar Órdha, 1924
  • An Fraoch Bán, 1924
  • Draoidheacht na Fairrge, 1927
  • Droichead na Gaedhilge, 1927
  • Éan Cuideáin, 1936
  • Ceol na nGiolach, 1939
  • Athaoibhneas, 1959
  • Fuine gréine, 1967
  • Déirc an Díomhaointis, 1972
  • Liam Ó Maolruanaigh, 1975

Rinne sé a lán aistriúchán freisin.