Casla

ionad daonra i gContae na Gaillimhe

Is sráidbhaile Gaeltachta é Casla[1] [2] (CostelloCostelloe as Béarla) idir Indreabhán agus an Cheathrú Rua in iarthar Chontae na Gaillimhe, Éire. Tá ceanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta suite ansin. Tá an sráidbhaile suite ar bhóthar an R336 ar bhruach Chuan Chladhnach. Ciallaíonn Casla "cuan beag (farraige)".

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCasla

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°17′27″N 9°32′49″W / 53.29083°N 9.54694°W / 53.29083; -9.54694
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde7 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie130954

Freastalaíonn seirbhís bus 424 Bhus Éireann ó Chathair na Gaillimhe ar Chasla.

San úrscéal The Wind Changes le Olivia Manning, atá bunaithe ar dhaoine atá ag troid ar son neamhspleáchas na hÉireann in 1921, tá Riordan, an duine deireanach de cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916, le teacht i dtír ag céibh Chasla. 

Is teach mór é Lodge Chasla a thóg an t-ailtire Edwin Lutyens in 1925 agus ba í Gertrude Jekyll a dhear na gairdíní. Tógadh an áit in ionad lóiste iascaireachta a dódh in 1922 le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Ba as Casla J. Bruce Ismay, cathaoirleach an White Star Line. Cáineadh Ismay go géar tar éis dó teacht slán ón Titanic tar éis dó éalú i mbád tarrthála.[3]

  1. Casla/Costelloe | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Casla. Irish Placenames Database. Retrieved: 2011-01-04.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Lutyens Trust.