Aisteoir agus fear amharclainne ba ea Maelíosa Stafford (a rugadh sa bhliain 1956 agus a d'éag 10 Aibreán 2023).[1] Bhí sé ina iarstiúrthóir ealaíne ar Amharclann an Druid sa Ghaillimh, bhí ceangal mór aige le hamharclann náisiúnta na Gaeilge, an Taibhdhearc.[2]

Infotaula de personaMaelíosa Stafford
Beathaisnéis
Breith1956
Bás10 Aibreán 2023
66/67 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0821318 Cuir in eagar ar Wikidata
An Taibhdhearc sa bhliain 2008

Beatha cuir in eagar

Áirítear muintir Stafford ar cheann de mhórtheaghlaigh dhrámaíocht na Gaeilge agus bhí tuismitheoirí Mhaelíosa, Seán[3] agus Máire[4] i gcroílár obair na Taibhdheirce sa 20ú haois.[2]

I 1978 a thosaigh Maelíosa Stafford ag obair sa Druid agus bhí baint lárnach aige le scéal na hamharclainne sin, mar stiúrthóir, léiritheoir agus aisteoir.[5]

  • Bhí sé ina stiúrthóir ealaíne ar an Druid idir 1991 – 1994. Ar na drámaí a stiúir sé bhí At the Black Pig’s Dyke le Vincent Woods agus The Midnight Court le Brian Merriman.
  • Ina aisteoir bhí sé i léirithe móra amhail The Lonesome West le Martin McDonagh,  Conversations on a Homecoming agus A Whistle in the Dark le Tom Murphy agus The Playboy of the Western World le JM Synge.[6]

Bhí páirteanna móra aige chomh maith i ndrámaí in Amharclann na Mainistreach agus Amharclann an Gheata.

In Sydney na hAstráile a bhí sé ina chónaí ó na 1990idí déanacha.[7]

Tháinig Stafford ar ais go Gaillimh in 2018 chun a bheith ina ina stiúrthóir ar Taibhdhearc@90, ceiliúradh 90 bliain na Taibhdheirce, agus arís in 2020 chun Amhrán an Bhonnáin Bhuí[8] le Vincent Woods a léiriú.[2]

Pearsanta cuir in eagar

Fuair Maelíosa Stafford bás tobann ar 10 Aibreán 2023, in aois 66 dó.[1] Ceathrar clainne a bhí air.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Death Notice of Maelíosa Stafford" (ga-IE). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-04-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Maelíosa Stafford, fear amharclainne agus cainteoir Gaeilge aitheanta, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-13.
  3. "STAFFORD, Seán (1924–2020)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  4. "STAFFORD, Máire (1923–2014)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  5. BBC Radio Ulster - Blas (22/01/2014). "agallamh le, Maeliosa Stafford" (ga-IE). BBC. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  6. Sinéad Crowley / RTÉ News (2023-04-11). "Death announced of ex-Druid Artistic Director Maelíosa Stafford" (as en). 
  7. "Maeliosa Stafford" (en-US). IMDb. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  8. Maelíosa Stafford (2020-01-23). "Amhrán an Bhonnáin Bhuí - Maelíosa Stafford translates a classic" (as ga-IE).