Geamaireacht na Taibhdheirce

geamaireacht a chuirtear ar siúl gach bliain sa Taibhdhearc

Cuirtear geamaireacht ar siúl gach bliain i Mí na Nollag sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge.[1]

Ealaíona TaibhiúcháinGeamaireacht na Taibhdheirce
Cineálócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata

Is ócáid "don teaghlach ar fad" í a tharraingíonn "pobal na Gaeilge le chéile" gach bliain. Níor leasc leis an aisteoir aitheanta Diarmuid de Faoite a rá, tráth a bhí sé ina aisteoir ann, gurb "ionann an Gheamaireacht agus an Nollaig. Seo í mo Nollaig-se".[1][2]

I measc na n-aisteoirí aitheanta eile atá tar éis páirt a ghlacadh i ngeamaireacht na Taibhdheirce tá Aindrias de Staic, Mairéad Ní Chonghaile agus Hilary Bowen Walsh.[1]

Léiriúcháin

cuir in eagar

Fionn sa Spás – "tugann an leagan is deireanaí seo den scéal ón mbéaloideas scéal Fhionn Mac Cumhaill ó ‘na cianta ó shin’ go dtí an cianspás." Beidh an gheamaireacht fhicsean eolaíochta seo ar siúl ó 5ú go 21ú Nollaig.[3][4][5]

Fionn agus Clochán an Aifir[6][7]

Fionn agus an Bradán Feasa[8]

Jeaicí agus an Fathach Mór Dána[9]

An Dara Réalt – Leagan de scéal iomráiteach Peter Pan[1]

Idir na 1950idí agus 1970idí, scríobhadh Máire Stafford geamaireachtaí don Taibhdhearc a bhíodh cáil mhór orthu, agus a léiríodh Seán Stafford, i meas "na scórtha" léiriúchán eile. Lánúin mór i saol na n-ealaíon i nGaillimh a thug tacaíocht agus spreagadh do "na céadta aisteoirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí" eile.[10][11]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar